European Union website, the official EU website

An tAontas Eorpach i mbeagán focal

An tAontas Eorpach i mbeagán focal

Aontas uathúil eacnamaíoch agus polaitiúil idir 28 dtír Eorpacha, a chuimsíonn formhór na mór-roinne, is ea an tAontas Eorpach.

Cuireadh an tAontas ar bun tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ba é an chéad bheart a rinneadh comhar eacnamaíoch a spreagadh: measadh gur mó an seans go seachnódh tíortha an chogaíocht dá mbeidís i mbun trádála le chéile agus a ngeilleagair ag brath ar a chéile.

Ba é an Comhphobal Eacnamaíoch Eorpach (CEE), a bunaíodh in 1958, toradh na tuisceana sin agus mhéadaigh sé an comhar eacnamaíoch idir sé thír i dtús ama: An Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg. Ó shin i leith, tá margadh aonair ollmhór cruthaithe agus tá sé ag fás agus ag forbairt i gcónaí chun go mbainfí leas iomlán as.

Ó aontas eacnamaíoch go haontas polaitiúil

Aontas a bhí dírithe go hiomlán ar chúrsaí eacnamaíocha a bhí ann ar dtús, ach tháinig forbairt air go ndearnadh eagraíocht de a chuimsíonn go leor réimsí beartais, ón aeráid, an comhshaol agus sláinte go dtí an caidreamh seachtrach agus slándáil, an ceartas agus an imirce. In 1993 athraíodh an t-ainm ó 'Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE)' go dtí 'an tAontas Eorpach' leis an athrú sin a léiriú.

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta: tá gach a ndéanann sé bunaithe ar chonarthaí, conarthaí lenar aontaigh na Ballstáit go toiliúil agus go daonlathach.

Tá córas rialaithe an Aontais Eorpaigh bunaithe ar phrionsabal an daonlathais ionadaíoch freisin, le hionadaíocht ag na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus ionadaíocht ag na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Soghluaisteacht, fás, cobhsaíocht agus airgeadra aonair

A bhuí leis an Aontas Eorpach bhí níos mó ná leathchéad bliain de shíocháin, de chobhsaíocht agus de rathúlacht san Eoraip, chuidigh sé le feabhas a chur ar ár gcaighdeán maireachtála agus sheol sé airgeadra aonair Eorpach: an euro. In 2012 bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach as an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

Toisc go bhfuil deireadh curtha le rialuithe teorann idir Ballstáit, tá saorchead taistil ag daoine ar fhormhór na mór-roinne. Agus tá cúrsaí saoil, oibre agus taistil thar lear san Eoraip níos éasca ná riamh.

Is é an margadh aonair nó 'inmheánach' príomhinneall eacnamaíoch an Aontais, a thugann saorchúrsaíocht i bhformhór na gcásanna d'earraí, do sheirbhísí, d'airgead agus do daoine. Príomhchuspóir eile atá ann ná an acmhainn ollmhór seo a fhorbairt i réimsí eile freisin, amhail fuinneamh, eolas agus margaí caipitil, ionas go mbainfidh muintir na hEorpa an tairbhe is mó aisti.

Cearta an duine agus cothroime

Tá sé ar cheann de phríomhspriocanna an Aontais cearta an duine a chur chun cinn, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain. Dínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine: is iadsan luachanna bunúsacha an Aontais. Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm in 2009, tugadh na cearta sin uile le chéile in aon cháipéis amháin, mar atá Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá ceangal dlí ar institiúidí an Aontais seasamh leis na cearta bunúsacha sin mar atá ar rialtais an Aontais gach uair a chuireann siad dlí an Aontais i bhfeidhm.

Institiúidí trédhearcacha agus daonlathacha

Tá an tAontas Eorpach méadaithe, ach tá sé chomh dírithe is a bhí riamh ar na hinstitiúidí lena rialaítear é a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos daonlathaí. Tugadh níos mó cumhachta do Pharlaimint na hEorpa a thoghtar go díreach, agus tá ról níos mó ag na parlaimintí náisiúnta, ag obair dóibh i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha. Dá réir sin, bítear de shíor ag méadú ar líon na mbealaí atá ag saoránaigh na hEorpa le páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil.