Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Cineálacha fostaíochta
Tá go leor bealaí inar féidir le daoine obair a fháil sna hInstitiúidí. Tá cur síos thíos ar na catagóirí éagsúla foirne a bhíonn ag obair in Institiúidí an AE.
Do bhreis eolais faoin tslí le cur isteach ar na deiseanna éagsúla seo, caith súil ar ár leathanaigh Conas iarratas a dhéanamh.
read more
Oifigigh bhuana
Is iad na hoifigigh bhuana Státseirbhís an AE agus roinntear in dhá chatagóir iad - riarthóirí (AD) agus cúntóirí (AST).
Is é a bhíonn ar siúl ag riarthóirí de ghnáth ná beartais a dhréachtú agus dlí an AE a chur chun feidhme, anailís a dhéanamh agus comhairle a thabhairt. D'fhéadfadh ról lárnach a bheith ag riarthóir i bpróiseas reachtach agus buiséadach an AE, bíodh sin i mbun comhordaithe ar bheartais eacnamaíocha ghinearálta agus ar bheartais eile na mBallstát, ag glacadh páirt i gcaibidlíochtaí trádála le tíortha nach bhfuil san AE, nó bheith mar ionadaí thar ceann na nInstitiúidí i bhfóraim idirnáisiúnta. D'fhéadfadh riarthóirí eile bheith i mbun cigireachta ar chabhlaigh iascaireachta na mBallstát, i mbun forbartha nó bainistithe ar chlár taighde sonrach maidir le heolaíocht nó i mbun dréachtaithe ar chinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach nó ón Ombudsman Eorpach. Tugaimid réimse leathan de dheiseanna fostaíochta do chéimithe ollscoile; na hearnálacha riaracháin, dlí, airgeadais, eacnamaíochta, cumarsáide agus eolaíochta ina measc.
Is gnách go bhfostaítear cúntóirí i ról tacaíochta (rúnaíocht, riarachán, airgeadas, cumarsáid, ceapadh agus forfheidhmiú beartas srl.) Tá ról lárnach agus tábhachtach acu ó thaobh bhainistíocht inmheánach na nInstitiúidí, mar shampla i gcúrsaí buiséadacha agus airgeadais, cúrsaí pearsanra, ríomhaireacht agus bainistiú doiciméad.
Gníomhairí ar conradh
Earcaítear gníomhairí ar conradh (CAST) chun tascanna riaracháin nó láimhseála seirbhísí tacaíochta a dhéanamh nó acmhainn bhreise a sholáthar i sainréimsí ina bhfuil easpa oifigeach a bhfuil na scileanna riachtanacha acu. Fostaítear gníomhairí ar conradh go ceann uastréimhse socraithe, go minic ar chonradh 6-12 mhí mar thús, ag brath ar an bpost.
Tá folúntais do ghníomhairí ar conradh ar fáil i réimse leathan post ina dteastaíonn leibhéil dhifriúla cáilíochtaí. Roinntear i gceithre ghrúpa iad de réir feidhme:
- tascanna riaracháin agus láimhseála seirbhísí tacaíochta
- tascanna cléireachais nó rúnaíochta, bainistiú oifige agus tascanna coibhéiseacha eile
- tascanna feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
- tascanna riaracháin, comhairleacha, teanga agus teicniúla eile.
Gníomhairí sealadacha (Foireann neamhbhuan)
Is féidir gníomhairí sealadacha a fhostú le réimse leathan tascanna atá thar a bheith speisialaithe nó sealadach a dhéanamh ar feadh uastréimhse sé bliana.
Foireann eatramhach (ó ghníomhaireachtaí fostaíochta)
Fostaíonn Institiúidí áirithe foireann áitiúil ar chonradh gearrthréimhseach agus sealadach (go gceann tréimhse sé mhí), trí ghníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí.
Oiliúnaithe
Gach bliain, faigheann níos mó ná 1,000 duine óg an deis cur lena scileanna gairimiúla, a mbuanna pearsanta a fhorbairt agus cur lena gcuid eolais ar an AE trí chúrsaí oiliúna an AE. Eagraíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, Coiste na Réigiún agus an tOmbudsman Eorpach tréimhsí oiliúna do chéimithe óga, a mhaireann idir 3-5 mhí. Beidh a gcéad chéim ollscoile críochnaithe ag na hoiliúnaithe uile, agus bíonn orthu tascanna a dhéanamh atá ar an leibhéal céanna le hoifigigh sna gráid AD is ísle.
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNI)
Is státseirbhísigh náisiúnta agus idirnáisúnta iad SNIanna nó daoine atá fostaithe san earnáil phoiblí agus atá ag obair go sealadach d'Institiúid Eorpach. Cuireann a dtaithí ar ábhair a bhfuil cleachtadh acu déileáil leo le hobair na hInstitiúide, agus tugann siad ar ais chuig a ranna sa bhaile eolas ar bheartais agus ar nósanna imeachta an AE a fuair siad le linn a dtréimhse ar iasacht.







