Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Foireann Tacaíochta
Rúnaí / Cúntóir riaracháin (AST, CAST)
Bíonn dualgais riaracháin éagsúla ag rúnaithe in institiúidí an AE ag brath ar an bpost. Tríd is tríd, soláthraíonn rúnaí tacaíocht uathrialach do dhuine nó d’aonad amháin nó níos mó laistigh den institiúid - ag múnlú, ag athrú agus ag dáileadh faisnéise. D’fhéadfaí go n-áireofaí leis an obair:
- comhaid a ullmhú
- gníomhaíochtaí na ranna (cruinnithe, turais oifigiúla) a eagrú agus a chomhordú
- bainistíocht doiciméad (iad a fháil, iad a phróiseáil, leanúint leo, iad a chomhdú)
- doiciméid a ullmhú, a phróiseáil, a thabhairt chun críche agus a sheiceáil
- faisnéis a aimsiú, a thiomsú agus a scaipeadh.
I ranna aistriúcháin, d’fhéadfadh siad seo a leanas a bheith i gceist leis an obair chomh maith:
- iarratais aistriúcháin a fháil, a bhainistiú agus a phróiseáil, go háirithe doiciméid a ullmhú, a phróiseáil agus a thabhairt chun críche
- cur le cuimhní aistriúcháin agus iad a thabhairt cothrom le dáta
- clóscríobh, leagan amach leathanaigh agus obair formáidithe.
Féadfar foireann ar conradh a fhostú chomh maith chun dualgais rúnaíochta a chomhlíonadh.
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
-
oideachas iar-dara leibhéal rúnaíochta nó
oideachas dara leibhéal agus taithí ghairmiúil ábhartha 3 bliana ar a laghad mar rúnaí
Féadfaidh ceanglais maidir le foireann ar conradh a bheith difriúil.
Nós imeachta roghnúcháin le haghaidh conarthaí buana
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid scileanna briathartha, uimhriúla agus réasúnaíochta teibí (i do phríomhtheanga) agus do chuid scileanna gairmiúla agus do chuid eolais (i do dhara teanga, sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis)
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig measúnú sa Bhruiséil [ní amhlaidh a bheidh i gcás baill foirne ar conradh - féach Roghnú ball foirne ar conradh ], áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna gairmiúla agus do chuid inniúlachtaí ginearálta maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn trialach breithiúnais shuíomhúil, cleachtaidh ríomhthráidire, trialacha praiticiúla próiseála focal agus dréachtaithe agus agallamh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin:
Conarthaí buana
Baill foirne ar conradh
Cúntóir acmhainní daonna (AST, CAST)
Agus iad ag obair in acmhainní daonna, cuireann cúntóirí dualgais i gcrích a bhaineann le beartais i leith pearsanra a bhainistiú i réimsí cosúil le hearcú, gairmeacha beatha, oiliúint, agus comhdheiseanna.
D’fhéadfaí go n-áireofaí iad seo a leanas leis na dualgais freisin:
- bainistíocht a dhéanamh ar nithe a bhaineann le beartais i leith pearsanra a bhainistiú, agus leanúint leis na nithe sin, go háirithe maidir le cúrsaí earcaíochta, gairmeacha beatha, oiliúint ghairmiúil, comhdheiseanna comhionanna, cearta an duine aonair agus cearta airgeadais,
- nótaí nó comhfhreagras a dhréachtú, tuairiscí riaracháin a ullmhú a bhaineann leis na réimsí a léirítear thuas,
- cruinnithe a ullmhú, a chur ar bun agus leanúint leo,
- tionscadail a bhainistiú,
- anailís a dhéanamh ar mhodhanna oibre agus iad a fhorbairt,
- cuidiú le córais chuntasaíochta, airgeadais, staidrimh agus TF a chur i bhfeidhm, etc.
- foireann a bhainistiú.
- Féadfar foireann ar conradh a fhostú chomh maith chun roinnt dualgas acmhainní daonna a chur i gcrích.
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
-
oideachas iar-dara leibhéal agus taithí ghairmiúil 3 bhliain ar a laghad in acmhainní daonna , nó
oideachas dara leibhéal agus taithí ghairmiúil ábhartha 6 bliana ar a laghad.
Féadfaidh ceanglais maidir le foireann ar conradh a bheith difriúil.
Nós imeachta roghnúcháin – conarthaí buana
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach
a dhéanamh i ndáil le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil, chomh maith le trialacha scileanna gairmiúla ina ndíreofar ar bheachtas, ar chruinneas agus ar chinneadh tosaíochtaí agus ar eagrúchán.Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil [ní amhlaidh a bheidh i gcás ball foirne ar conradh - féach ar Roghnú ball foirne ar conradh], áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cleachtaidh tráidire isteach, agallaimh struchtúrtha, cás-staidéir agus gníomhaíochta i ngrúpa.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin:
Conarthaí buana
Baill foirne ar conradh







