Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Eacnamaíocht / Staidreamh
read more
Eacnamaí (AD)
Tá sé mar aidhm le beartais an AE a chinntiú go dtéifear i mbun iomaíochta go cóir, go ndéanfar an bhochtaineacht a mhaolú agus go bhfeabhsófar dálaí maireachtála do 500 milliún duine ar fud 27 tír an AE.
Agus iad ag obair go dlúth le lucht sinsearach déanta cinntí, seachadann eacnamaithe an AE anailís eacnamaíochta agus anailís staidrimh agus múnlaíonn siad straitéisí nua i réimsí mar:
- institiúidí airgeadais agus margaí airgeadais
- lánpháirtiú eacnamaíoch agus forbairt eacnamaíoch
- trádáil phan-Eorpach
- airgeadas poiblí
- athchóirithe struchtúracha
- an t-airgeadra aonair
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céim san eacnamaíocht (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
An nós imeachta roghnúcháin
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil, áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha.
Podchraoladh: Life as an EU Official – Economics (Saol Oifigigh de chuid an AE - Eacnamaíocht)
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin: Conarthaí buana
Staitisteoir (AD, AST)
Glacann institiúidí an AE cinntí a théann i bhfeidhm ar 500 milliún duine i 27 tír an AE. Bíonn ról ríthábhachtach ag staitisteoirí an AE maidir le cinnteoireacht an AE agus beartais an AE sa todhchaí.
Dírítear leis an obair ar fhaisnéis eacnamaíoch, airgeadais, shóisialta, chomhshaoil nó talmhaíochta, agus d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist léi:
- cláir staidrimh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm
- modheolaíochtaí a shainiú
- samhlacha matamaiticiúla a chur i bhfeidhm
- tabhairt faoi anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil
- gníomhaíochtaí staidrimh a rialú agus a chomhordú
- sonraí a léirmhíniú agus a scaipeadh
- pleananna tionscadal a fhorghníomhú
- maoirseacht agus meantóireacht a dhéanamh ar chomhghleacaithe
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat chun post a ghlacadh ar leibhéal riarthóra:
- céim san eacnamaíocht, sa staidreamh, sa mhatamaitic nó i ndisciplín gaolmhar (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
Chun post a ghlacadh ar leibhéal cúntóra ní mór duit an méid seo a leanas a bheith agat:
- oideachas iar-dara leibhéal in ábhar cuí agus taithí ghairmiúil ábhartha 3 bliana ar a laghad nó
- oideachas dara leibhéal agus taithí ghairmiúil ábhartha 6 bliana ar a laghad
An nós imeachta roghnúcháin
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil. Déanfaidh iarrthóirí ar phoist cúntóra trialacha maidir le scileanna gairmiúla chomh maith, ina ndíreofar ar chruinneas agus ar bheachtas agus ar chinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil, áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht (i gcás post ar leibhéal riarthóra amháin).
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, agus agallamh struchtúrtha. Beidh ar iarrthóirí ar leibhéal riarthóra cur i láthair ó bhéal a dhéanamh freisin, agus beidh ar iarrthóirí ar leibhéal cúntóra cleachtadh tráidire isteach a dhéanamh.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin: Conarthaí buana







