Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Riarachán poiblí Eorpach
Oifigeach beartais (AD) – Riarachán Poiblí Eorpach
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an bhfíseán ó roinnt de na hoifigigh a bhíonn ag obair linn sa réimse seo: Cindy (An Coimisiún Eorpach, DG INFSO), Lukas (An Coimisiún Eorpach, DG Energy) agus Ioan (Parlaimint na hEorpa, Cearta an Duine).
Glacann institiúidí an AE cinntí a théann i bhfeidhm ar 500 milliún duine i 27 tír an AE. Mar oifigeach beartais, d’fhéadfá na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- anailís ar bheartais a dhréachtú
- tionscadal agus cláir oibre a chur chun feidhme ar fud na hEorpa
- comhordú a dhéanamh ar obair ar fud ranna agus le páirtithe leasmhara seachtracha
- tacaíocht mhór a thabhairt do chinnteoirí
- bainistiú a dhéanamh ar acmhainní daonna agus airgeadais
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céim (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
An nós imeachta roghnúcháin
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil, áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin: Conarthaí buana








