Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
An Dlí
read more
Próifílí dlí
físeáin
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an bhfíseán ó roinnt de na hoifigigh a bhíonn ag obair linn sa réimse seo: Agnis (Ardrúnaíocht an Choimisiún Eorpaigh), Silvija (DG ENV, An Coimisiún Eorpach) agus Simonetta (Comhairle an Aontais Eorpaigh).
Dlíodóir (AD)
Seachadann institiúidí an AE reachtaíocht a théann i bhfeidhm ar 500 milliún duine i 27 tír an AE.
Bíonn dlíodóirí sna hinstitiúidí ag obair le comhghleacaithe den iomaí náisiúntacht éagsúil chun:
- réimse leathan reachtaíochta a fhorbairt
- doiciméid bheartais a dhréachtú
- comhordú a dhéanamh le húdaráis náisiúnta de chuid an AE chun feabhas a chur ar reachtaíocht náisiúnta
- grinntaighde agus grinnanailís a dhéanamh
- comhairle dlíodóra a sholáthar don bhainistíocht shinsearach
- cláir ghníomhaíochta a chur i bhfeidhm
- maoirsiú a dhéanamh ar chomhghleacaithe agus cuidiú leo
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céim sa dlí (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
An nós imeachta roghnúcháin
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil, áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin: Conarthaí buana
Dlítheangeolaí (AD 7)
Tá ról ríthábhachtach ag dlítheangeolaithe an AE maidir leis an reachtóireacht, óir is iad a chinntíonn go bhfuil an bhrí chéanna le gach reachtaíocht nua i ngach teanga Eorpach.
Éilíonn an post dlíodóirí cumasacha a bhfuil cumais teanga den scoth acu, agus a bhfuil taithí acu maidir le téacsanna dlí a dhréachtú nó a aistriú, iad a sheiceáil nó athbhreithniú a dhéanamh orthu. Ní mór do dhlítheangeolaithe a bheith in ann a thuiscint go beacht a bhfuil sé beartaithe a chur in iúl i reachtaíocht an AE, agus an intinn sin a léiriú go dílis ina dteanga dhúchais féin.
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- sáreolas ar theanga Eorpach amháin agus eolas den scoth ar dhá cheann eile ar a laghad
- céim sa dlí
Is cúnamh é taithí a bheith agat ar théacsanna dlí a aistriú, nó teangacha breise a bheith agat.
An nós imeachta roghnúcháin (táscach)
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne agus má oireann d'iarratas don phróifíl, tabharfaimid cuireadh duit tabhairt faoi réamhscrúdú aistriúcháin ríomhaire-bhunaithe.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe i Lucsamburg, áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna aistriúcháin, do chuid eolais ar an dlí agus ar theangacha, agus do chuid inniúlachtaí ginearálta maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn trialacha aistriúcháin, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha. Déanfar do chuid scileanna briathartha, uimhriúla agus réasúnaíochta teibí a thástáil freisin.
Tuilleadh faoin bpróiseas roghnúcháin: Conarthaí buana
Féach chomh maith ar shuíomh Gréasáin na Cúirte Breithiúnais le haghaidh deiseanna ar conradh sealadach: http://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_10298/postes-vacants








