Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Baill foirne TFC
Cuireann córais ríomhaireachta, atá á gcothabháil ag baill foirne tacaíochta TFC, ar chumas institiúidí an AE obair a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar 500 milliún duine i 27 tír an AE.
Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist lena bheith ag obair le táirgí agus le próisis TFC sa timpeallacht dhúshlánach ilteangach seo:
- bainistíocht tionscadal agus próiseas
- monatóireacht agus anailís
- anailís theicniúil agus comhairle
- Comhordú agus comhairliúchán idir seirbhísí
- seirbhísí teileachumarsáide
- ionaid phróiseála sonraí
- bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí ríomhphoist, agus ar sheirbhísí líonra sonraí agus gutha
- forbairt Ghréasáin
- bogearraí le haghaidh bhailiú sonraí staidrimh a fhorbairt
- bainistiú slándála TF.
Féadfar foireann ar conradh a fhostú chomh maith chun obair sa réimse TF agus teileachumarsáide.
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céim nó cáilíocht iarchéime i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat chun post a ghlacadh ar Ghrád AST 3 (cúntóir):
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
-
- oideachas iar-dara leibhéal agus taithí ghairmiúil ábhartha 3 bliana ar a laghad, nó
- oideachas dara leibhéal agus taithí ghairmiúil ábhartha 6 bliana ar a laghad
Féadfaidh na ceanglais maidir le foireann ar conradh a bheith difriúil.
Nós imeachta roghnúcháin – conarthaí buana
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil. Déanfar scileanna gairmiúla iarrthóirí ar phoist cúntóra a thástáil maidir le cruinneas agus beachtas agus cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán freisin.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil[ní amhlaidh a bheidh i gcás baill foirne ar conradh - féach ar Roghnú ball foirne ar conradh] áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht (i gcás post ar leibhéal AD amháin).
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, agus agallamh struchtúrtha. Beidh ar iarrthóirí ar phoist riarthóra cur i láthair ó bhéal a dhéanamh freisin. Beidh ar iarrthóirí ar phoist chúntóra cleachtadh tráidire isteach a dhéanamh.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin:
Conarthaí buana
Baill foirne ar conradh







