Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Próifílí poist
Tá 40 000 duine ó chúlraí éagsúla cultúir, oideachais agus gairme fostaithe ag institiúidí an AE ar chonarthaí buana agus ar théarma seasta. Roghnaítear an fhoireann bhuan trí chomórtais oscailte nach bhfuil dírithe ar phoist shonracha, ach ar phainéal chun críocha earcaíochta a chruthú.
Seo na próifílí poist a ndéantar roghnú dóibh go rialta:
|
An Riarachán Poiblí Eorpach |
An Dlí |
Eacnamaíocht / Staitisticí |
Iniúchóireacht |
|
Teangacha |
Cumarsáid |
Teicneolaíocht na faisnéise |
Foireann tacaíochta |
|
Caidreamh seachtrach |
Airgeadas |
|
|
Is é is cuspóir don fhaisnéis a thugtar sna leathanaigh phróifíle eolas ginearálta a thabhairt duit ar an gcineál oibre lena mbaineann agus na ceanglais a d'fhéadfaí a éileamh agus an nós imeachta roghnúcháin.
Is faisnéis tháscach amháin atá san fhaisnéis sin, áfach, agus ba cheart tagairt a dhéanamh i gcónaí don Fhógra Comórtais/Glaoch ar Léiriú Spéise ábhartha lena rialaítear an comórtas.








