Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Airgeadais
read more
Bainisteoir Airgeadais (AD, CAST)
Glacann an AE cinntí a théann i bhfeidhm ar 500 milliún duine i 27 tír an AE ar bhonn laethúil.
Déileálann bainisteoirí airgeadais an AE le struchtúir an-chasta airgeadais agus tugann siad tacaíocht go dlúth do chinnteoirí sinsearacha trí na nithe seo a leanas:
- nósanna imeachta airgeadais agus buiséid a shainiú
- tuarascálacha bliantúla agus cuntais bhliantúla a ullmhú
- cabhrú le hiniúchóireachtaí agus le cigireachtaí
- bainistiú a dhéanamh ar riosca eagrúcháin
- maoirseacht agus meantóireacht a dhéanamh ar chomhghleacaithe
Féadfar foireann ar conradh a fhostú chomh maith chun roinnt dualgas airgeadais a chur i gcrích.
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céimchuí (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
Féadfaidh ceanglais maidir le foireann ar conradh a bheith difriúil.
Nós imeachta roghnúcháin – conarthaí buana
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil[ní amhlaidh a bheidh i gcás baill foirne ar conradh - féach ar Roghnú ball foirne ar conradh] áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí a sheachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin:
Conarthaí buana
Baill foirne ar conradh
Cúntóir bainistíochta airgeadais/cuntasaíochta (AST, CAST)
Áirítear ar dhualgais na gcúntóirí bainistíochta airgeadais/cuntasaíochta úsáid a bhaint as uirlisí TF ar leith (amhail an córas comhtháite cuntas) chun cabhrú leis na nithe seo a leanas:
- córais chuntasaíochta agus airgeadais a chur chun feidhme
- cuntais airgeadais agus/nó buiséid a choimeád
- nósanna imeachta um Rialachán Airgeadais a dhearadh, a dhréachtú agus a chur chun feidhme
- meastacháin bhuiséid agus tuarascálacha bliantúla / cuntais bhliantúla a dhréachtú
- cuntais a dhúnadh agus ráitis airgeadais a chur i láthair
- pleanáil agus bainistiú a dhéanamh ar nósanna imeachta um sholáthar poiblí
- bainistiú airgeadais agus oibriúcháin a dhéanamh ar chonarthaí nó ar fhóirdheontais
- páirt a ghlacadh i mbainistíocht airgid agus/nó i gcuntais óinchiste agus in imréiteach bainc
- monatóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta airgeadais agus buiséid
- maoirseacht a dhéanamh ar mhodhanna cuntasaíochta agus ar an mbainistiú airgeadais ar ioncam.
Féadfar foireann ar conradh a fhostú chomh maith chun roinnt dualgais airgeadais agus cuntasaíochta a chur i gcrích.
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
-
oideachas iar-dara leibhéal in airgeadas nó i gcuntasaíocht agus taithí ghairmiúil ábhartha 3 bliana ar a laghad sa réimse nó
oideachas dara leibhéal agus taithí ghairmiúil ábhartha 6 bliana ar a laghad in airgeadas nó i gcuntasaíocht.
Féadfaidh ceanglais maidir le foireann ar conradh a bheith difriúil.
Nós imeachta roghnúcháin – conarthaí buana
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil chomh maith le trialacha scileanna gairmiúla a dhíreoidh ar chruinneas agus bheachtas agus ar chinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil[ní amhlaidh a bheidh i gcás baill foirne ar conradh - féach ar Roghnú ball foirne ar conradh] áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí a sheachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéir, cleachtadh tráidire isteach, gníomhaíochta i ngrúpa, agus agallaimh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin:
Conarthaí buana
Baill foirne ar conradh







