Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Caidreamh seachtrach
Oifigeach beartais (AD) – Caidreamh seachtrach
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an bhfíseán ó roinnt de na hoifigigh a bhíonn ag obair linn sa réimse seo: Tomas agus Evelina (An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí EEAS).
Tríd an méid seo a leanas a dhéanamh rachfá i bhfeidhm ar shaolta daoine na hEorpa agus ar fud an domhain; caidreamh taidhleoireachta a chothabháil le tíortha, ionadaíocht a dhéanamh don AE thar lear agus in obair eagraíochtaí iltaobhacha, beartas eachtrach, slándála agus cosanta an AE a shainiú.
Mar oifigeach caidrimh sheachtraigh, d’fhéadfá na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Páirt a ghlacadh in idirbheartaíocht agus i gcur chun feidhme maidir le comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha idir an AE agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta
- Comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíocht sheachtrach an AE leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí éagsúla an AE
- Ionadaíocht a dhéanamh don AE thar lear, caidreamh taidhleoireachta a chothú le tíortha comhpháirtíochta an AE agus leasanna an AE a chur chun cinn, obair go dlúth le toscaireachtaí agus le hambasáidí an AE
- Tuarascálacha polaitiúla, nótaí anailíse agus faisnéisithe a dhréachtú do chinnteoirí
- Cruinnithe ardleibhéil a eagrú agus páirt a ghlacadh iontu faoi réir prótacal oifigiúil
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céim (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta (6 bliana nó níos mó), chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
An nós imeachta roghnúcháin
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil, áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin: Conarthaí buana








