Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Cumarsáid
Próifílí cumarsáide
Físeáin
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an bhfíseán ó roinnt de na hoifigigh a bhíonn ag obair linn sa réimse seo: Damijan (Cúirt Iniúchóirí na hEorpa), Aurelie (Comhairle an Aontais Eorpaigh) agus Matteo (DG HR, An Coimisiún Eorpach).
Oifigeach cumarsáide (AD)
Féadfaidh oifigigh cumarsáide in institiúidí an AE a bheith ag obair i réimsí mar:
- cumarsáid sheachtrach le cineálacha éagsúla iolraitheoirí agus leis an bpobal i gcoitinne, lena n-áirítear na meáin agus grúpaí cuairteoirí
- faisnéis scríofa agus eolas ó bhéal i gcomhair ionadaithe na meán
- cumarsáid Ghréasáin
- cumarsáid straitéiseach agus cumarsáid ghéarchéime.
D’fhéadfaí go n-áireofaí leis an obair:
- preaseisiúintí, tuarascálacha agus téacsanna le haghaidh cineálacha éagsúla meán a dhréachtú (sa teanga d’ár earcaíodh thú, nó i bhFraincis nó i mBéarla)
- caidreamh leis na meáin a bhunú agus a chothabháil
- faisnéis a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an AE agus atá i mbéal an phobail
- monatóireacht agus anailís a dhéanamh ar an tionchar ar na meáin
- láithreacht an AE ar gach ardán ar líne a bhainistiú agus a chothabháil, lena n-áirítear ábhar bunaidh a ullmhú agus a fhoilsiú.
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céim i ndisciplín ábhartha (féach ar an bhfógra comórtais i gcomhair ceanglas sonrach), (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
An nós imeachta roghnúcháin
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil, áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin: Conarthaí buana
Cúntóir cumarsáide (AST)
Bíonn cúntóirí cumarsáide ag obair in earnáil amháin nó níos mó a bhaineann le cumarsáid agus faisnéis inmheánach agus sheachtrach. D’fhéadfaí go n-áireofaí leis an obair:
- teagmhálacha leis an bpreas, leis na meáin agus leis an bpobal a láimhseáil
- doiciméid éagsúla a dhréachtú, a athbhreithniú agus a ullmhú lena bhfoilsiú
- cineálacha éagsúla imeachtaí a eagrú
- doiciméid faisnéise, foilseacháin, bróisiúir, agus táirgí closamhairc a ullmhú
- gníomhaíochtaí cumarsáide a bhainistiú trí shuíomhanna Gréasáin, na meáin shóisialta, etc.
- a bheith rannpháirteach san anailís ar ghníomhaíochtaí cumarsáide agus ina dtionchar ar na meáin
- idirchaidreamh a dhéanamh leis na geallsealbhóirí (Oifig na bhFoilseachán, fochonraitheoirí, etc.) agus comhordú leo
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
-
oideachas iar-dara leibhéal sa chumarsáid, sa staidéar ar na meáin, san iriseoireacht nó sa chaidreamh poiblíagus taithí ghairmiúil ábhartha 3 bliana ar a laghad nó
oideachas dara leibhéal agus taithí ghairmiúil ábhartha 6 bliana ar a laghad.
An nós imeachta roghnúcháin
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnacha
a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil, chomh maith le trialacha scileanna gairmiúla ina ndíreofar ar bheachtas, ar chruinneas agus ar chinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán.Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil , áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cleachtaidh tráidire isteach, agallaimh struchtúrtha, cás-staidéir agus gníomhaíochta i ngrúpa.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin: Conarthaí buana








