Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Iniúchóireacht
Iniúchóir (AD, CAST)
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an bhfíseán ó roinnt de na hoifigigh a bhíonn ag obair linn sa réimse seo: Alexsei (An Coimisiún Eorpach, DG HR), Irene (Cúirt Iniúchóirí na hEorpa) agus Nicole (An Coimisiún Eorpach, DG HOME).
Mar eagraíocht an-chasta, tá ceanglais éilitheacha ar an AE maidir le hiniúchóireacht airgeadais, feidhmíochta agus inmheánach. Cuireann institiúidí an AE reachtaíocht i bhfeidhm a théann i bhfeidhm ar 500 milliún duine i 27 tír an AE.
Cuimsíonn obair iniúchóirí an AE, a bhaineann le hiniúchóireachtaí inmheánacha agus seachtracha, na nithe seo a leanas:
- scrúdú a dhéanamh ar phróisis bhainistíochta airgeadais
- cigireachtaí a dhéanamh
- feabhas a chur ar chórais rialaithe
- comhairle a thabhairt maidir le modheolaíochtaí
- tacaíocht a thabhairt go dlúth do chinnteoirí sinsearacha
- pearsanra nach speisialtóirí iad a oiliúint
- maoirseacht agus meantóireacht a dhéanamh ar chomhghleacaithe
Féadfar foireann ar conradh a fhostú chomh maith chun dualgais iniúchóireachta a chur i gcrích.
Podchraoladh: Life as an EU Official – Audit (Saol Oifigigh de chuid an AE - Iniúchóireacht)
Físeán: An Saol i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa
Cáilíochtaí (táscacha)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith agat:
- eolas maith ar 2 theanga Eorpacha ar a laghad (ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin)
- céim chuí nó cáilíocht ghairmiúil (nó céim a bheith le baint amach agat i mbliana) le haghaidh iontrála ag Grád AD 5
- taithí iomchuí roinnt blianta, chun post a ghlacadh linn ar leibhéal níos sinsearaí (Grád AD 7).
Féadfaidh ceanglais maidir le foireann ar conradh a bheith difriúil, go háirithe iad siúd atá fostaithe mar iniúchóirí cúnta.
Nós imeachta roghnúcháin – conarthaí buana
Tar éis duit iarratas a dhéanamh ar líne, tabharfaimid cuireadh duit triail ilroghnach a dhéanamh maidir le do chuid réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus do bhreithiúnas suíomhúil.
Má éiríonn leat, tabharfar cuireadh duit chuig ionad measúnaithe sa Bhruiséil[ní amhlaidh a bheidh i gcás baill foirne ar conradh - féach ar Roghnú ball foirne ar conradh] áit ar féidir linn bualadh leat agus níos mó a fháil amach faoi do chuid scileanna maidir leo seo a leanas:
- anailís agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid
- cáilíocht agus torthaí maidir le seachadadh
- scileanna foghlama agus forbartha
- cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán
- solúbthacht
- oibriú i bhfoireann
- ceannaireacht.
Déanfar iad seo a mheasúnú ar bhonn cás-staidéar, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, cur i láthair ó bhéal agus agallamh struchtúrtha.
Níos mó faoin nós imeachta roghnúcháin:
Conarthaí buana
Baill foirne ar conradh









