Language selector

Roghnaigh leagan faoi ardchodarsnachtSocraigh gnáth-chlómhéidMéadaigh clómhéid

Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga

Institiúidí agus gníomhaireachtaí an AE


Is dóibh seo a leanas a roghnaíonn EPSO foireann:

 

Institiúidí a bhfuil a nósanna imeachta roghnúcháin féin acu


Gníomhaireachtaí an AE

Tugann gníomhaireachtaí agus comhlachtaí díláraithe an AE a lán cineálacha deiseanna ar phoist – go háirithe do speisialtóirí. Tharlódh go mbeadh deiseanna earcaíochta acu nuair nach bhfuil aon chomórtas ar siúl.

Tá roinnt gníomhaireachtaí a earcaíonn foireann ar conradh ó phainéil iarrthóirí rathúla EPSO (bunachar sonraí CAST). Féach ar an liosta - gníomhaireachtaí atá i dteideal earcú ó bhunachar sonraí CASTpdf.


Ionaid

Tá oifigí ar fud an domhain ag na hinstitiúidí Eorpacha, ach seans maith gur go dtí an Bhruiséil nó go Lucsamburg a bheidh ort bogadh i dtosach.


An Bhruiséil agus Lucsamburg

Cathracha ilghnéitheacha agus an-idirnáisiúnta is ea an Bhruiséil agus Lucsamburg. Toisc gur sa dá chathair sin atá na hinstitiúidí Eorpacha, bíonn daoine ó gach cearn den mhór-roinn ina gcónaí agus ag obair iontu, agus cloisfidh tú an iliomad teangacha á labhairt sna sráideanna.

Tá sár-áiseanna siopadóireachta agus rogha mór siamsaíochta ag an dá chathair, idir bhialanna, chlubanna agus bheáranna, ionaid chultúrtha agus chlubanna spóirt. Tá an dá chathair dlúth go maith, agus ní fada ó lár na cathrach go dtí an tuath. Is i gcroílár na hEorpa atá siad suite, agus níl roinnt príomhchathracha eile (Amstardam, Páras, Londain) ach cúpla uair an chloig taistil uathu.

Tuilleadh faoin mBruiséilfíseán trí nóiméad.

Oifig Idirchaidrimh na Bruiséile

Tuilleadh faoi Lucsamburggearrthóg físe le Promote Luxembourg

Suíomh gréasáin Chathair Lucsamburg

Naisc úsáideacha: An saol sa Bhruiséil agus i Lucsamburg


Ionaid eile

Bíodh gur sa Bhruiséil agus i Lucsamburg atá bunáit an Choimisiúin Eorpaigh, tá oifigí (ionadaíochtaí) aige i ngach tír san AE. Tá Oifig Eolais ag Parlaimint na hEorpa i ngach tír san AE agus tá toscaireachtaí ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí in ionaid ar fud an domhain.

Tá roinnt mhaith gníomhaireachtaí agus comhlachtaí díláraithe ag an AE freisin, atá lonnaithe i dtíortha éagsúla.

Féach freisin Gníomhaireachtaí de réir tíre.


Tá cabhair ar fáil duit agus tú ag bogadh tíre

Ach tairiscint poist a bheith faighte agat, cabhróidh ár nOifigí Fáilte sa Bhruiséil agus i Lucsamburg leat eolas na slí a fháil agus socrú isteach. Go háirithe, cabhróidh siad leat teacht ar lóistín (agus do chonradh cíosa a sheiceáil). Eagraítear Laethanta Eolais go rialta le cabhrú le páirtithe lánúine socrú síos sa tír nua.

sárscoileanna idirnáisiúnta, Eorpacha agus náisiúnta ag an mBruiséil agus ag Lucsamburg araon. Tig linn tú a chur i dteagmháil le naíonraí, grúpaí súgartha agus le háiseanna eile.

Barr an leathanaigh