Language selector

Roghnaigh leagan faoi ardchodarsnachtSocraigh gnáth-chlómhéidMéadaigh clómhéid

Tá fáil ar an leathanach seo i 24 teanga

Cuir eolas ar Ghairmréimeanna AE


An mbeadh Gairmréim AE ceart domsa?

Is cuma más mac léinn tú atá ag lorg roghanna gairme duit féin nó duine oilte gairmiúil a dteastaíonn dúshlán nua uait, aimseoidh tú eolas ar an gcuid seo den suíomh gréasáin faoi na roghanna gairme atá ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

• Aimseoidh tú deiseanna spreagúla gairme sna hinstitiúidí Eorpacha agus an chaoi le difríocht a dhéanamh san Eoraip. Creidimid go bhfuil deiseanna fíorspéisiúla againn don iarrthóir ceart. Féach Cén fáth Gairmréimeanna AE?

• Cuir eolas ar na próifílí poist is coitianta a bhíonn ann sna hinstitiúidí, ar na cáilíochtaí a theastódh agus ar an bpróiseas roghnúcháin do na róil éagsúla. Féach Próifílí Poist.

• Cuir aithne thapa ar institiúidí an AE agus ar an áit a bhfuil siad lonnaithe; tá naisc ann le heolas níos mine a fháil. Féach Institiúidí an AE.


Molaimid duit sracfhéachaint a thabhairt tríd an gcuid seo den suíomh sula gcinnfidh tú iarratas a dhéanamh. Tabhair faoi deara go meallann poist sna hinstitiúidí Eorpacha na daoine is oilte ar fud na hEorpa agus go mbíonn an-iomaíocht sna tástálacha roghnúcháin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na próisis roghnúcháin, féach Conas iarratas a dhéanamh.

Barr an leathanaigh