Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Tréimhsí oiliúna

Cad is tréimhse oiliúna ann?
Bíonn tréimhsí oiliúna (nó intéirneachtaí) ar fáil in go leor réimsí éagsúla agus deis iontach is ea iad chun léargas a fháil ar obair an AE. Is ar an tseirbhís dá sanntar thú a bhíonn an cineál oibre a dhéanann tú ag brath. Bíonn folúntais ann sna réimsí dlí na hiomaíochta, acmhainní daonna, beartas comhshaoil, cumarsáid agus a lán eile nach iad. Maireann formhór na dtreimhsí oiliúna 5 mhí, ach féadann éagsúlacht a bheith ann ag brath ar an institiúid nó ar an ngníomhaireacht ina bhfuil tú ag obair.
Céard a bheadh ar siúl agam?
Bíonn ar oiliúnaithe ('stagiaires' a ghlaoitear orthu) na cúraimí céanna a dhéanamh is a bhíonn ar dhaoine nua-earcaithe. Sa chleachtas, d'fhéadfadh rudaí éagsúla a bheith i gceist leis sin: meithleacha agus cruinnithe a eagrú, eolas agus doiciméid a thiomsú, tuarascálacha a ullmhú agus ceisteanna a fhreagairt, agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe aonaid agus in imeachtaí eile. Thairis sin, beidh tascanna a bhaineann go sonrach leis an roinn i gceist - beidh obair dlíodóra sa Choimisiún difriúil go leor ó obair eacnamaí i gCúirt na nIniúchóirí nó ón méid a bheadh ar siúl ag stagiaire sa Pharlaimint.
Cé atá incháilithe?
Féadann daoine a bhfuil céim in ábhar ar bith acu iarratas a chur isteach, fad is atá an chéim bainte amach acu cheana (mura bhfuil an teastas faighte agat go fóill is féidir tras-scríbhinn a fháil de ghnáth). Murab ionann le poist bhuana, ní gá a bheith i do shaoránach den AE (coinnítear líon beag áiteanna do dhaoine nach saoránaigh den AE iad), ach teastaíonn eolas ar dhá theanga oifigiúla de chuid an AE. Buntáiste é taithí oibre agus iarchéim a bheith agat, ach ní riachtanas é de ghnáth.
An bhfaighidh mé airgead?
Bíonn tuarastal ag dul d'fhormhór na n-oiliúnaithe, tuairim is €1000 in aghaidh na míosa de ghnáth.
Cá mbeidh mé ag obair?
Is sa Bhruiséil nó i Lucsamburg atá formhór na bpost leis an AE, agus is amhlaidh an scéal d'oiliúnaithe.
Conas a dhéantar iarratas?
Is iad institiúidí agus gníomhaireachtaí éagsúla an AE a reáchtálann na nósanna imeachta roghnúcháin i gcomhair tréimhsí oiliúna. Féach an t-eolaí seo faoi thréimhsí oiliúna leis an AE
le tuilleadh eolais a fháil. Is ar líne a chuirtear an t-iarratas isteach de ghnáth, ach teastaíonn cóip pháipéir den fhoirm iarratais corruair. I gcoitinne, glactar le hiarratais idir ceithre agus naoi mí roimh thús na tréimhse oiliúna agus ní mór an t-iarratas a bheith istigh agat in am agus i dtráth.











