Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Conarthaí sealadacha
Conarthaí sealadacha
(Féach freisin Conarthaí ar théarma seasta)
Bíonn conarthaí sealadacha le fáil i réimse leathan cúraimí atá thar a bheith speisialaithe nó sealadach, m.sh. réimse an taighde eolaíochta. Is do thréimhsí teoranta a mhaireann na conarthaí sin.
Is gnách gur institiúidí agus gníomhaireachtaí ar leith an AE a dhéanann an fhoireann shealadach a roghnú agus a earcú. Déan roghnúcháin agus folúntais reatha a fhiosrú go rialta.
Féadfaidh tú do chuid sonraí a chur isteach i mbunachar sonraí CVanna an AE ar líne freisin.
Foireann gníomhaireachta fostaíochta (foireann shealadach: suas le 6 mhí)
Roinnt institiúidí de chuid an AE, fostaíonn siad foireann áitiúil trí ghníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí ar bhonn gearrthéarmach amháin.
Comhairligh eatramhacha
I roinnt ranna, fostaítear comhairligh díreach trí nósanna imeachta tairisceana.
Féach tairiscintí agus conarthaí an AE le breis eolais a fháil.
Teangeolaithe féinfhostaithe
Le bheith i do shaoraistritheoir
- leis an gCoimisiún Eorpach, féach glaonna ar thairiscintí
- leis an gCúirt Bhreithiúnais, féach fógraí conartha.
Le bheith i d'ateangaire féinfhostaithe sa Choimisiún Eorpach, i bParlaimint na hEorpa nó sa Chúirt Bhreithiúnais Eorpach, féach Ateangaireacht san Eoraip.
Gairmithe Sóisearacha i dToscaireachtaí
Eagraítear tréimhsí oiliúna suas le 18 mí i dToscaireachtaí an AE le deis a thabhairt d'iarchéimithe cumasacha éirimiúla taithí phraiticiúil a fháil in obair na dToscaireachtaí, agus tuiscint níos doimhne a fháil ar an ról atá ag na Toscaireachtaí maidir le beartais an AE sa chaidreamh seachtrach a chur chun feidhme. Féach clár na nGairmithe Sóisearacha i dToscaireachtaí le tuilleadh eolais a fháil.
Saineolaithe AE (bunachar sonraí saineolaithe)
Saineolaithe neamhspleácha atá ar fáil le cuidiú le hinstitiúid nó le gníomhaireacht i réimse sonrach, tugtar cuireadh dóibh próifíl atá cosanta ag pasfhocal a chruthú ina dtugtar a sonraí (sonraí teagmhála, speisialtóireacht, dintiúir srl.) i mbunachair shonraí saineolaithe a choinníonn institiúidí agus gníomhaireachtaí ar leith an AE. Féadfaidh na hinstitiúidí teagmháil a dhéanamh leo le tascanna ar leith a dhéanamh de réir mar is gá.
Féach mar shampla:
- Seirbhís Faisnéise um Thaighde agus Forbairt an Chomhphobail (CORDIS)
- An Coimisiún Eorpach – Cabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
Tugtar cuireadh do státseirbhísigh náisiúnta agus idirnáisiúnta agus d'fhoireann ón earnáil phoiblí a gcuid taithí a thabhairt d'institiúidí an AE go ceann cúpla bliain agus eolas ar bheartais agus nósanna imeachta a fuarthas le linn na tréimhse sin a thabhairt ar ais chuig a riarachán baile féin.
Déantar saineolaithe náisiúnta a roghnú trí nós imeachta ar leith. Téigh i dteagmháil le buanionadaíocht do thíre chuig an AE, a chuirfidh ar an eolas thú faoi dheiseanna atá ann faoi láthair.
Rialacha maidir le Saineolaithe Náisiúnta a thabhairt ar iasacht
Foireann cothabhála agus ceaintín
Earcaítear catagóirí áirithe foirne amhail oibrithe cothabhála agus foireann ceaintín trí ghníomhaireachtaí seachtracha conarthacha. Bronntar na conarthaí sin trí nósanna imeachta tairisceana oscailte.
Féach na seirbhísí conartha le breis eolais a fháil.











