Language selector

Roghnaigh leagan faoi ardchodarsnachtSocraigh gnáth-chlómhéidMéadaigh clómhéid

Tá fáil ar an leathanach seo i 24 teanga

Conas iarratas a chur isteach



Sa chuid seo den suíomh gréasáin tugtar mionsonraí ar na cineálacha éagsúla próisis roghnúcháin atá ann agus ar chéimeanna éagsúla na bpróiseas sin, ó chéim an iarratais ar líne go dtí na tástálacha iontrála, an t-ionad measúnaithe agus ansin painéal na n-iarrthóirí ar éirigh leo.

Braitheann céimeanna an próisis roghnúcháin ar an gcineál conartha atá i gceist (conradh buan, conradh sealadach, gníomhairí ar conradh) agus ar an bpróifíl atá á lorg. Tá tuilleadh eolais faoi na próifílí éagsúla agus na catagóirí foirne sa rannóg Cuir Aithne Orainn.

Nuair a bheidh deireadh léite agat faoi na próisis éagsúla roghnúcháin d'fhéadfá triail a bhaint as na tástálacha samplacha agus eolas a chur ar fhoinsí eile oiliúna agus tacaíochta, agus, ansin, súil a chaitheamh ar na deiseanna ar phoist faoi láthair.