Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Doiciméid thábhachtacha
Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a léamh go cúramach roimh iarratas a dhéanamh i gceann de na próisis roghnúcháin.
Comórtais Oscailte
-
Fógra Comórtais
Seo an téacs dlíthiúil oifigiúil faoina rialaítear eagrúchán an chomórtais. Tá gach faisnéis ann a bhaineann le comórtas áirithe (m.sh. dualgais, riachtanais incháilitheachta, cur síos ar thástálacha). Foilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus bíonn nasc leis ar leathanach na bhfógraí (féach 'Deiseanna ar phoist faoi láthair') nuair is féidir iarratais a dhéanamh i gcomórtas áirithe.
-
Treoracha do Chomórtais Oscailte
Is é a leagtar amach sa treoirleabhar seo na rialacha ginearálta agus nósanna imeachta a bhaineann leis na comórtais oscailte uile. Is cuid dhílis den Fhógra Comórtais é, tá an stádas dlíthiúil céanna leis, agus ba chóir iad a léamh in éineacht. Foilsítear san Iris Oifigiúil é agus tá fáil air ag an nasc thuas.
Roghnú Gníomhairí ar Conradh (CAST)/Gníomhairí Sealadacha
-
An Glao ar Léiriú Spéise
Is é 'an glao ar léiriú spéise' a úsáidtear in áit Fógra Comórtais agus Treoracha do Chomórtais Oscailte sa phróiseas roghnúcháin do ghníomhairí ar conradh agus gníomhairí sealadacha. Tá gach faisnéis ann a bhaineann le comórtas áirithe (m.sh. dualgais, riachtanais incháilitheachta, cur síos ar thástálacha). Foilsítear é ar leathanach fógraí an tsuímh ghréasáin seo (féach 'Deiseanna ar phoist faoi láthair') nuair is féidir iarratais a dhéanamh i nós imeachta roghnúcháin.
Lámhleabhar Iarratais ar Líne
- Treoraíonn an lámhleabhar thú trí gach céim den nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar líne. Déantar nasc leis an lámhleabhar sin ar an bhfoirm iarratais ar líne agus ar leathanach na bhfógraí a bhaineann leis an gcomórtas nó leis an nós imeachta roghnúcháin. Is féidir é a íoslódáil anseo i mBéarla
, i bhFraincis
agus i nGearmáinis
.
Rialacháin Foirne
- Is é atá i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh cur síos ar chearta, ar dhualgais agus ar choinníollacha oibre na foirne. Tugtar eolas freisin faoi earcaíocht, gairmeacha beatha, pá agus sochair.











