Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Incháilitheacht
Le bheith i dteideal cur isteach ar chomórtas oscailte nó nós imeachta roghnúcháin ní mór:
- bheith i do shaoránach de thír atá san AE
- bheith i dteideal ceart iomlán mar shaoránach de chuid an AE
- aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat
- eolas críochnúil a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an AE agus eolas sásúil ar dhara teanga – ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann díobh sin ar a laghad
- do chomórtais teanga, ní mór eolas foirfe a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an AE agus eolas críochnúil ar dhara teanga agus ar thríú teanga – ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith ar cheann díobh sin ar a laghad.
Ní mór aon cheanglais shonracha atá leagtha amach san fhógra comórtais nó sa ghlaoch um léiriú spéise ábhartha maidir le cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil a bheith comhlíonta agat. Caith súil ar ár dtreoirlínte maidir le taithí ghairmiúil
agus ar shamplaí de na cineálacha cáilíochtaí a nglactar leo
.
Athraíonn na ceanglais íosta oideachais ag brath ar an bpost.
Tríd is tríd:
- gach post nach do chéimithe ollscoile iad (leibhéal cúntóirí/grúpaí feidhme II, III), ní mór oideachas meánscoile (ar a laghad) a bheith críochnaithe agat
- gach post do chéimithe (leibhéal riarthóirí/grúpa feidhme IV), ní mór oideachas ollscoile (trí bliana ar a laghad) a bheith críochnaithe agat.
D'fhéadfadh taithí oibre ábhartha a bheith ag teastáil i gcásanna áirithe.
Níl aon teorainn aoise ann, ach cuirtear feidhmeannaigh ar scor nuair atá siad 65 bliain d'aois. Le breis sonraí a fháil, léigh Rialacháin Foirne Oifigigh an AE.











