Tá fáil ar an leathanach seo i 23 teanga
Gníomhaithe
Cé atá i bhfeighil earcú foirne?
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

Eagraíonn EPSO comórtais oscailte agus nósanna imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear: fógraí comórtais a fhoilsiú agus a fhógairt, tástálacha éagsúla a eagrú, tacaíocht riaracháin, lóistíochta agus próiseála sonraí a chur ar fáil do na Boird Roghnúcháín, agus na painéil a bhainistiú. Fairis sin, cinntíonn EPSO go gcloíonn na Boird Roghnúcháin go dlúth leis na nósanna imeachta.
An Bord Roghnúcháin

Bíonn a Bhord Roghnúcháin féin ag gach próiseas roghnúcháin, agus is air a bhíonn freagracht iarrthóirí a roghnú ag gach céim agus an liosta deiridh d'iarrthóirí ar éirigh leo a dhréachtú. Ar gach Bord Roghnúcháin bíonn oifigigh ó institiúidí an AE, ina measc baill bhuana (a cheaptar de ghnáth do thréimhse 2 go 4 bliana le comhsheasmhacht idir na nósanna imeachta roghnúcháin a chinntiú) agus baill neamhbhuana (a ainmnítear le saineolas teicniúil a thabhairt do phróiseas roghnúcháin ar leith).
Na hInstitiúidí Eorpacha

Is iad seirbhísí Acmhainní Daonna na nInstitiúidí atá freagrach as iarrthóirí rathúla a earcú, .i. folúntais ar leith a líonadh trí fhostaithe nua a earcú ó liostaí na n-iarrthóirí atá ag EPSO. Cuireann na hInstitiúidí fostaithe ionchasacha faoi agallamh sula dtairgtear post dóibh.










