Language selector

Roghnaigh leagan faoi ardchodarsnachtSocraigh gnáth-chlómhéidMéadaigh clómhéid

Tá fáil ar an leathanach seo i 24 teanga

Líonra Saineolaithe EPSO


Cruthaíodh Líonra Saineolaithe EPSO in 2004. Ionadaíonn na baill ranna acmhainní daonna a gcuid aireachtaí náisiúnta gnóthaí eachtracha nó airgeadais faoi seach. Faoi dhó sa bhliain a thagann an líonra le chéile, agus is iondúil gurb í an tír a bhfuil uachtaránacht an AE aici a bhíonn sa chathaoir.

Fóram gníomhach, ardphróifíle is ea an Líonra, do phlé trédhearcach ar cheisteanna a bhaineann leo seo a leanas:

  • iarrthóirí a roghnú d'fhonn iad a earcú d'institiúidí an AE; agus
  • an nuáil is déanaí i mbainistiú acmhainní daonna agus i roghnúchán (tugadh cuireadh do láithreoirí ó Ard-Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe, Cumann Earcaitheoirí Céimithe na Ríochta Aontaithe, Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, eagrais mhargaíochta dhomhanda, gairmithe sa tástáil ar líne agus ceannródaithe i réimse na síceolaíochta gairme).

Barr an leathanaigh