Beartas sláinte agus tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh
An raibh a fhios agat go mbaineann beartas sláinte agus tomhaltóirí an AE leatsa ar go leor slite?
Baineann sé le sábháilteacht an bhia a itheann tú, go litriúil "ón bhfeirm go dtí an forc", agus leis na táirgí a úsáideann tú freisin, mar shampla bréagáin, gluaisteáin, earraí leictreacha agus uirlisí DIY – an uile chineál ruda. Féachann an AE chuige go gcosnaítear do chearta bunúsacha tomhaltóirí sna Ballstáit go léir sa chaoi is nach gá imní a bheith ort agus earraí á gceannach agat thar lear. Chomh maith leis sin, cuireann an AE nósanna maithe sláinte chun cinn agus comhraiceann sé galair ghábhalacha.
Cothrom deich mbliana an fómhair seo a bunaíodh seirbís an Choimisiúin um shláinte agus tomhaltóirí. Chun an ócáid sin a cheiliúradh, ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil. An raibh a fhios agat go mbíonn an AE gníomhach i réimse na sláinte agus na cosanta tomhaltóirí? An dóigh leat go ndeachaigh an beartas sláinte agus tomhaltóirí i bhfeidhm ortsa? Más dóigh leat nach ndeachaigh, cén chaoi a bhféadfaí é sin a dhéanamh?
Cibé taithí atá agatsa, tá an deis agat anois do thuairimí a nochtadh agus iad a phlé le daoine eile in Debate Europe.
Useful links
- Gnóthaí tomhaltóirí
- Sábháilteacht bia
- Sláinte phoiblí
- Tairseach na Sláinte – AE