Cosán nascleanúna

An Parlamentarium (an Bhruiséil) - Ionad Cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa

Faisnéis ghinearálta
Riamh fiosrach faoi Pharlaimint na hEorpa? An tionchar atá aici ar do shaol laethúil?
Freagróidh an Parlamentarium na ceisteanna sin agus aibhseoidh sé tionchar praiticiúil na cinnteoireachta AE ar ár saol laethúil.

Seo an chéad ionad saoránach riamh atá inrochtana in 23 teanga. Treoir ilmheán leicreonach a threoróidh tríd an taispeántas thú, agus a chabhróidh leat teacht ar eolas faoi Pharlaimint na hEorpa mar a bhí, mar atá is mar a bheidh.
Eispéireas uathúil idirghníomhach atá ann, ina bhfuil eolas, oideachas agus taitneamh.
Oscailt 14 Deireadh Fómhair 2011


An Parlamentarium - Ionad Cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa


Seoladh

Rue Wiertz/Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
Seoladh r-phoist: parlamentarium@europarl.europa.eu
Guthán/Facs: +32 2 283 22 22


Conas dul ann
Metro – stáisiúin Maelbeek nó Schuman ar línte 1 agus 5, stáisiún Trône ar línte 2 agus 6
Bus – STIB/MIVB: (Schuman) 12, 21, 36, 79
DE LIJN: 344, 345
STIB/MIVB: (Luxembourg) 12, 22, 27, 38, 54
Seirbhís Iompair na Bruiséile


Uaireanta ar oscailt

Luan 13:00 - 18:00
Máirt / Céadaoin 9:00 - 20:00
Déardaoin / Aoine 9:00 - 18:00
Satharn / Domhnach 10:00 - 17:00
Laethanta dúnta: 1 Eanáir, 1 Bealtaine, 1 Samhain, 24, 25 agus 31 Nollaig.


Cuairteanna laethúla
Cuairteanna faoi threoir ilmheán


Nasc chuig an institiúid
http://www.europarl.europa.eu/visiting/en/parlamentarium.html


Conas cuairt a thabhairt ar an institiúid?
Cead isteach saor in aisce. Fáilte roimh dhaoine ar leith nó roimh ghrúpaí. Glacfaidh cuairt ar an bParlamentarium thart ar uair an chloig go leith.
Tá cluiche speisialta imeartha róil ar fáil do ghrúpaí scoile ina bhfuil uaslíon 32 dalta (14 go 16 bliana d'aois). Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an Parlamentarium.




Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ