Cosán nascleanúna

Parlaimint na hEorpa (Strasbourg)

Eolas ginearálta

Daoine aonair: Tá líon teoranta áiteanna ann chun tionól parlaiminte a fhreastal go ceann uair an chloig.
Ba chóir do chuairteoirí a bheith 14 bliana d’aois ar a laghad.

Cuairteanna grúpa i rith páirtseisiún: Socraítear cuairteanna eolais do ghrúpaí a bhfuil íosmhéid 20 duine agus uasmhéid 45 duine iontu. Mar eisceacht, is féidir grúpaí níos mó a thabhairt isteach ach é a iarraidh.
Maireann gach cuairt idir dhá uair an chloig agus trí huaire agus léiriú ginearálta ar ról agus obair Pharlaimint na hEorpa inti ó oifigeach de chuid PE.
Ba chóir an chuairt a leagan amach 2 – 3 mhí roimh ré ar a laghad.
Ba chóir do ghrúpaí teacht chuig bealach isteach na gcuairteoirí 15 nóiméad roimh thús na cuairte.
Ba chóir do gach ball den ghrúpa a phas, a chárta aitheantais nó a cheadúnas tiomána a thabhairt leis.

Cuairteanna grúpa taobh amuigh de pháirtseisiúin: Socraítear cuairteanna eolais do ghrúpaí a bhfuil íosmhéid 20 duine agus uasmhéid 45 duine iontu. Is féidir go gcuirfear san áireamh iarratais ó ghrúpaí níos mó ná sin.
Sa sceideal tá turas treoraithe ar Pharlaimint na hEorpa (agus an Seomra san áireamh), físeán agus léiriúchán ginearálta ar ról agus obair na Parlaiminte ó bhall d’fhoireann na Parlaiminte.
Tá na cuairteanna saor in aisce agus maireann siad idir uair go leith agus dhá uair an chloig.
Ba chóir do chuairteoirí a bheith 14 bliana d’aois nó níos sine (ach amháin má tá cead speisialta).
Bíonn cuairteanna ann i bhFraincis, i nGearmáinis, i mBéarla, in Iodáilis agus i Spáinnis.
Ní bhíonn cuairteanna ann ach ar laethanta oibre.


Conas cuairt a thabhairt ar an institiúid?
Daoine aonair– chun seisiún iomlán de chuid Pharlaimint na hEorpa a fhreastal:

  • Féach an féilire le haghaidh dátaí na bpáirtseisiún ceithre lá i Strasbourg.
  • R-phostáil d’iarratas.
  • Tar chuig bealach isteach na gcuairteoirí i rith an tionóil.
  • D’fhonn cláraithe, tabhair leat do phas, do chárta aitheantais nó do cheadúnas tiomána.

Grúpaí– maidir le cuairteanna i rith páirtseisiún:

Grúpaí– maidir le cuairteanna taobh amuigh de pháirtseisiúin:

  • Ba chóir d’eagraithe grúpa a n-iarratas a chur chuig an seoladh seo a leanas:
  • Bureau de Strasbourg
    BP 1024 F
    F-67070 STRASBOURG Cedex
    R-phost a dhéanamh dá n-iarratas.

Seoladh

1, avenue du Président Robert Schuman
CS 91024
F-67070 Strasbourg Cedex


+33/(0)3 88 17 40 01

+33/(0)3 88 17 51 84


Suíomh gréasáin na hinstitiúide


Uaireanta oscailte

-


Cuairteanna laethúla

Féach an féilire agus an fhaisnéis thíos.


Conas dul ann
Féach an léarscáil



Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ