Cosán nascleanúna

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Eolas ginearálta
D’fhonn an pobal a chur ar an eolas faoi institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais fáilte roimh ghrúpaí cuairteoirí chuig a hionad i Lucsamburg. Tá cuairteanna staidéir (a mhaireann leathlá de ghnáth) agus seisiúin fhaisnéise (a mhaireann tuairim is dhá uair an chloig) ann do ghrúpaí ó 7 go 35 duine. Ceaptar gach cuairt de réir shuim an ghrúpa agus titeann siad amach i rith théarmaí na Cúirte. De bharr nádúr sainiúil ghníomhaíochtaí na Cúirte Breithiúnais, tá tosaíocht ag an lucht dlí (breithiúna náisiúnta, abhcóidí, aturnaetha, ollúna ollscoile, dlíodóirí inmheánacha, srl.) agus ag mic léinn dlí. Tá cuairteanna socraithe ag an Seirbhís Cuairteanna saor in aisce agus déantar i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Ós rud é go bhfuil an-tóir ar a leithéid de chuairteanna ar an gCúirt, moltar do ghrúpaí a n-iarratas a chur isteach cúig nó sé mhí roimh ré ar a laghad, trí mheán na seirbhíse cláraithe ar líne atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte.


Conas cuairt a thabhairt ar an institiúid?
Ní shocraítear cuairteanna ach do ghrúpaí (ó sheachtar go cúig dhuine is tríocha). Moltar do chuairteoirí a n-iarratas a cur isteach cúig nó sé mhí roimh ré ar a laghad, trí mheán na seirbhíse cláraithe ar líne atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte.
Níl údarás ag an Seirbhís Cuairteanna turais nó cuairteanna a shocrú do dhaoine aonair. Mar sin féin, tá cead ag daoine aonair éisteachtaí poiblí na Cúirte Breithiúnais a fhreastal agus breathnú ar fhéilire breithiúnach na Cúirte chuige sin.
Socraíonn Oifig Thurasóireachta Lucsamburg turais threoraithe an deireadh seachtaine agus i rith saoire breithiúnach (nuair nach bhfuil éisteachtaí ann). Chun turas a chur in áirithe, gheobhaidh tú an Oifig Thurasóireachta ag: 30, Place Guillaume II, L-1648 Lucsamburg, B.P. 181 - L-2011 Lucsamburg, Teil.: +352 22 28 09 - Facs: +352 46 70 70 – R-phost: touristinfo@lcto.lu


Seoladh

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Seirbhís Cuairteanna
L - 2925 Lucsamburg


(+) 352 4303 3357

+352 4303 3035


Suíomh gréasáin na hinstitiúide


Uaireanta oscailte

Ceaptar cuairteanna go speisialta don ghrúpa i ndiaidh áirithint tosaigh.

Cuairteanna laethúla

Ceaptar cuairteanna go speisialta don ghrúpa i ndiaidh áirithint tosaigh.


Ar an traein :

Téigh go príomhstáisiún Lucsamburg.
Faoi choinne clár ama don traein, breathnaigh ar shuíomh gréasáin an CFL.

Ar an mbus :

  • stad bus “BEI” (bd K. Adenauer) :
    ón bpríomhstáisiún : 18
    ó lár na cathrach : 7, 12, 18
  • stad bus “Philharmonie” :
    ón bpríomhstáisiún : 1, 13, 16
    ó lár na cathrach : 1, 13, 16
    ón aerfort : 9, 16
    Le tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh ar léarscáil busanna Chathair Lucsamburg.

Sa ghluaisteán :

  • ón bhFrainc agus ón mBeilg, ar an mótarbhealach E25 (príomh-seachród deisceartach Chathair Lucsamburg), gabh an E44 ionsar Trier ;
  • ón nGearmáin, ar an E44, ionsar Chathair Lucsamburg ;
  • ó lár na cathrach: téigh thar dhroichead G.D. Charlotte ionsar Kirchberg, go dtí ceann de na carrchlóis phoiblí atá le feiceáil ar an léarscáil rochtana

Céad charrchlós eile do bhusanna: Parking du Glacis



Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ