Cosán nascleanúna

An Banc Ceannais Eorpach

Eolas ginearálta
Soláthraítear seisiúin fhaisnéise ar dhá leibhéal eagsúla: ‘forbhreathnú’ (eolas ar eagrú, ar chúraimí agus ar fhreagrachtaí an BCE) agus ‘ardleibhéal’ (grinnfhaisnéis ar ábhar sainiúil). Ní féidir turas treoraithe a thabhairt ar an bhfoirgneamh. Maireann gach seisiún faisnéise thart faoi 1.5 uair an chloig. Iarrtar ar ghrúpaí an chuairt a chur in áirithe 3 mhí roimh ré ar a laghad. Íosmhéid an ghrúpa: 20 duine. Íosaois do ghrúpaí scoile: 18 mbliana. Iarrtar ar ghrúpaí liosta iomlán rannpháirtithe a chur isteach seachtain roimh an gcuairt. Caithfidh gach duine a aitheantas oifigiúil féin a thaispeáint ar theacht dó. Iarrtar ar ghrúpaí teacht leathuair roimh am an tseisiúin le haghaidh an ghnáthaimh slándála.


Conas cuairt a thabhairt ar an institiúid?
http://www.ecb.int/ecb/visits/how/html/index.en.html

  1. Roghnaigh Cineál Grúpa (m.sh. ollscoile)
  2. Roghnaigh dáta san fhéilire a bhfuil seisiún saor glas ann.
  3. Gliogáil ar ‘AM’ nó ar ‘PM’ de réir mar is mian leat agus osclófar foirm le nasc slán. Comhlíon na páirteanna riachtanacha agus cuir chuige í.

Seoladh

Rannóg an Phreasa agus na Faisnéise
Cumarsáid na Stiúrthóireachta
An Banc Ceannais Eorpach
Kaiserstrasse 29
D-60311 Frankfurt am Main



Suíomh gréasáin na hinstitiúide


Uaireanta oscailte

Ach amháin má tá coinne agat


Cuairteanna laethúla

Luan, Máirt agus Aoine ag 10:30 r.n. nó ag 2:30 i.n.


Conas dul ann
Léarscáil agus eolas an bhealaigh



Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ