Glac páirt sa díospóireacht
Díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa
Is fútsa an díospóireacht sin, faoi do chearta agus faoi do thodhchaí. Beidh an Coimisiún Eorpach ar camchuirt i gcathracha ar fud na hEorpa. Éistfidh polaiteoirí Eorpacha le do thuairimí. Tapaigh an deis labhairt leo faoin Eoraip a theastaíonn uaitse agus faoin méid a bhfuil súil agat leis ó Aontas Eorpach na todhchaí.
Do ghuthsa san Eoraip
Is é Do Ghuthsa san Eoraip “pointe rochtana aonair” an Choimisiúin Eorpaigh ar réimse leathan de chomhairliúcháin, pléití agus uirlisí eile a chuireann ar do chumas ról gníomhach a bheith agat sa phróiseas ceaptha beartais Eorpach.
Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
Ceadaíonn tionscnamh Eorpach na saoránach do 1 milliún saoránach de chuid an AE páirt dhíreach a ghlacadh i bhforbairt bheartais an AE, trína iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach a dhéanamh.