Na saoránaigh sin atá ar an eolas, tuigeann siad go bhfuil bun acu san Aontas Eorpach, agus spreagfar iad gabháil do dhaonlathas an AE ar gach leibhéal éagsúil. Sin an fhís atá le Bliain Eorpach na Saoránach 2013. Tabharfaidh an Bhliain sin deis do dhaoine ar fud an Aontais:
- eolas a chur ar na cearta agus na deiseanna atá ann dóibh de bharr shaoránacht AE – go háirithe a gceart chun cónaí agus maireachtáil aon áit san AE
- páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoi na bacainní a chuirtear roimh na cearta sin agus tograí sonracha a chruthú leis na bacainní a bhaint
- páirt a ghlacadh i bhfóraim shibhialta ina bpléitear beartais agus ceisteanna AE
- ullmhú le vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa 2014 agus gabháil do dhaonlathas an AE.
Eagróidh saoránaigh agus eagraíochtaí sa tsochaí shibhialta a mhéid gníomhaíochtaí agus is féidir ar leibhéal an phobail.
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:
- feachtas cumarsáide trí shuíomh gréasáin ilteangach, uirlisí don fheachtas, preasphacáiste agus ábhar tionscnaimh
- seoladh do na meáin/cruinniú tosaigh i Samhain 2012
- comhdhálacha tosaigh agus clabhsúir agus sraith cainteanna idir Choimisinéirí Eorpacha agus saoránaigh den uile chineál
tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar fud an AE.






