Eolas faoi Bhliain Eorpach na Saoránach 2013
Cúlra
Beidh Bliain Eorpach na Saoránach 2013 dírithe ar na cearta sin a dtairbhíonn daoine ar fud an Aontais Eorpaigh díobh de bhua a stádas mar shaoránaigh den AE. Baineann 500 milliún Eorpach – mar aon le geilleagar na hEorpa – tairbhe as na cearta sin gach lá.
Cur i láthair
Nuair atá tuiscint níos fearr ag saoránaigh an AE ar a gcearta agus má bhaineann siad leas astu níos minice, is mó an tairbhe a gheobhaidh siad mar dhaoine aonair, agus is mó an tairbhe a bheidh ann do gheilleagar agus do shochaí an AE freisin.
Doiciméid oifigiúla
Tugann an tsraith doiciméad seo a leanas léargas ar dhul chun cinn Bhliain Eorpach na Saoránach, ón togra tosaigh go cinneadh deiridh.
Na cearta AE s'agatsa.
Ní coincheap follamh í saoránacht an AE ach stádas nithiúil a mbaineann roinnt ceart leis.