Is í EUISS meitheal machnaimh an AE ar an mbeartas eachtrach.
Bunaíodh í in 2002 faoi chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais chun cultúr coiteann slándála a chur chun cinn san AE, an CBES a fhorbairt agus a chur ar aghaidh, agus an díospóireacht straitéiseach a shaibhriú.
Seo saintréithe EUISS:
tá sí iomlán neamhspleách
déanann sí scrúdú ar cheisteanna slándála atá ábhartha don AE agus cuireann sí fóram díspóireachta ar fáil
déanann sí anailísí agus réamhaisnéisí don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
bunaíodh í le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/554 ón gComhairle
(arna leasú ag Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/1002 ón gComhairle
).
Maoiniú agus maoirseacht
Faigheann an Institiúid maoiniú ó thíortha an AE, de réir foirmle roinnte costais atá bunaithe ar OTI, agus tá an Institiúid faoi rialú acu seo a leanas:
an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) – maoirseacht pholaitiúil
an Bord – rialacha buiséadacha agus riaracháin agus clár oibre na hInstitiúide a fhormheas (faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais/Leas-Uachtarán an Choimisiúin).
Foilseacháin
Eisíonn an Institiúid cineálacha éagsúla foilseacháin don phobal straitéiseach idirnáisiúnta. Liostáil d'fholáireamh ríomphoist EUISS le heolas a chur ar fhoilseacháin nua.
Chaillot Papers
Is é príomhfhoilseachán na hInstitiúide an tsraith dar teideal Chaillot Papers ina bpléitear gach ábhar reatha a bhaineann le slándáil san AE. Saineolaithe seachtracha agus ánraí taighde na hInsitiúide a scríobhann na páipéir agus tá siad bunaithe ar thaighde agus ar shaineolas coiteann agus aonair araon.
Leabhair
Is staidéar mionsonraithe ar shainábhair éagsúla a bhíonn sna Leabhair.
Tuarascálacha
Díríonn Tuarascálacha ISS ar mhórthionscadail taighde EUISS agus ar imeachtaí ábhartha, ina ndéantar cur síos ar na himeachtaí maille le hanailís.
Coimrí Beartais
Anailís chruinn, thráthúil, bheartasdhírithe ar shaincheisteanna an bheartais eachtraigh agus slándála a bhíonn sna Coimrí Beartais.
Páipéir Ócáideacha
Aistí ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tslándáil Eorpach, agus iad scríofa ag ánraí ar cuairt, a bhíonn sna Páipéir Ócáideacha.
Anailísí ar líne/ailt tuairime
Cuimsítear réimse leathan ábhar faoi anailísí agus ailt tuairime agus díríonn siad ar cheisteanna sainspéise ag lucht déanta cinntí agus pleanála beartais agus is taighdeoirí na hInstitiúide agus saineolaithe seachtracha a scríobhann iad.
Imeachtaí
Is é atá beartaithe le himeachtaí EUISS cur le cumas anailíse an AE agus gréasán saineolais a chur chun cinn mar thacaíocht do bheartas eachtrach agus slándála an AE. Tagann lucht déanta cinntí, oifigigh an AE, lucht acadúil, saineolaithe náisiúnta agus ionadaithe eagraíochtaí neamhrialtais as gach cearn den domhan le chéile ag na himeachtaí sin.
comhdhálacha – timpeall 100 rannpháirtí, daoine iomráiteacha i láthair agus deis plé fairsing a dhéanamh ar shaincheisteanna ábhartha
seimineáir – timpeall 40 rannpháirtí, plé mionsonraithe ar ábhair shonracha, agus claonadh réigiúnach nó beartais uaireanta
tascfhórsaí – timpeall 20 rannpháirtí, teacht le chéile rialta le monatóireacht a dhéanamh ar imeachtaí i réigiún áirithe nó ar dhul chun cinn i réimse áirithe beartais.
Na meáin
Cuireann ánraí taighde EUISS tráchtaireacht shaineolach ar fáil go rialta do na meáin chlóite agus chraolta faoi phríomhcheisteanna a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála an AE. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi réimsí saineolais EUISS, amharc ar leathanaigh Ánraí Taighde
nó ar leathanach an Stiúrthóra
.
Chun faisnéis a bhaineann leis na meáin a fháil nó iarratas a dhéanamh ar agallamh, amharc ar leathanach na meán .