Cosán nascleanúna
Bunaíodh Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (EUSC)
sa bhliain 2002, bunaithe ar Ghníomhaíocht Chomhpháirteach ón gComhairle an 20
Iúil 2001, ( Iris Oifigiúil L 200, 25 Iúil 2001 ![]()
) agus chuaigh sé i mbun oibre in Eanáir
2002. Gníomhaireacht de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh is ea í atá
tiomnaithe do dhúshaothrú agus do tháirgeadh faisnéise a thagann de anailís ar
íomhánna spáis ó dhomhanléamh. Féachann sé le tacú le cinnteoireacht an AE i
réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES).
Tá a fhéiniúlacht dhlítheanach féin ag an CBES chun a fheidhmeanna a chur i gcrích agus oibríonn sé faoi mhaoirseacht Choiste Polaitiúil agus Slándála na Comhairle agus faoi threoir oibriúcháin an Ard-Rúnaí. Tá sé suite in Torrejón, i gcóngaracht Mhaidrid na Spáinne.
An tUasal Tomaž Lovrenčič Stiúrthóir
Seoladh poist:
Lárionad Satailíte
an Aontais Eorpaigh
Apdo. de Correos 511
Torrejón de Ardoz 28850 An Spáinn