Cosán nascleanúna
Rondo ONZ 1
PL-00124 Warszawa
Polska
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le Rialachán (CE) 2007/2004/ ón gComhairle (26.10.2004, Iris Oifigiúil L 349/25.11.2004).
Comhordaíonn FRONTEX comhar oibríochtúil idir Bhallstáit maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha; cabhraíonn sé le Ballstáit gardaí teorann náisiúnta a thraenáil, lena n-áirítear comhchaighdeáin oiliúna a bhunú; déanann sé anailís ar rioscaí; déanann sé obair leantach maidir le taighde a fhorbairt a bhainfidh le rialú agus faireachán ar theorainneacha seachtracha; cabhraíonn sé le Ballstáit i dtosca nuair a bhíonn gá le cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil ag teorainneacha seachtracha; agus soláthraíonn sé do Bhallstáit an tacaíocht atá riachtanach chun comhoibríochtaí fillidh a eagrú.
Bíonn idirchaidreamh ag FRONTEX le comhpháirtithe eile de chuid an Chomhphobail agus an AE atá freagrach as slándáil teorainneacha seachtracha, ar nós EUROPOL
, CEPOL
, OLAF, comhar custam agus comhar maidir le rialú fíteashláintíochta agus tréidliachta, ar mhaithe le comhchuibheas tríd is tríd.
Neartaíonn FRONTEX slándáil teorainneacha tríd a áirithiú go mbíonn comhordú ann idir gníomhaíochtaí na mBallstát nuair a bhíonn bearta Comhphobail á gcur chun feidhme maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha.
Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Ilkka Laitinen