Cosán nascleanúna

Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) i Vín
le Rialachán (CE) Uimhir 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 ![]()
(Iris Oifigiúil L
53/2 22.2.200).
Luachanna atá i bpáirt ag gach Ballstát de chuid an AE is ea meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha. De réir Airteagal 6 den Chonradh AE: “Is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún (Eorpach) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950, agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit. ”.
Is é sprioc na Gníomhaireachta cúnamh agus saineolas ar chearta bunúsacha a sholáthar d’institiúidí agus d’údaráis ábhartha an Chomhphobail agus a Bhallstáit nuair a bhíonn dlí an Chomhphobail á chur chun feidhme acu, agus chun tacú leo agus iad ag glacadh beart agus ag ceapadh gníomhaíochtaí cuí.
Seo a leanas príomhchúraimí na Gníomhaireachta:
NÍL aon chumhacht ag an nGníomhaireacht, áfach, chun gearáin aonair a scrúdú nó chun cumhachtaí cinnteoireachta rialála a fheidhmiú.
Cinneadh réimsí téamacha obair na Gníomhaireachta i gCreat Ilbhliantúil cúig bliana (Cinneadh 2008/203/CE), a ghlac an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. I measc phríomhréimsí tosaíochta an FRA i gcónaí tá an comhrac in aghaidh an chiníochais, na seineafóibe agus na héadulaingthe gaolmhara.
Oibríonn an Ghníomhaireacht go dlúth le hinstitiúidí agus le comhlachtaí eile, ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach araon, agus tá comhar torthúil á fhorbairt aici le Comhairle na hEorpa agus leis an tsochaí shibhialta, mar shampla trí Ardán um Chearta Bunúsacha a chruthú.
Is iad comhlachtaí na Gníomhaireachta:
Cumhdaíonn an FRA an AE agus a 27 mBallstát. Lena chois sin, féadfaidh tíortha is iarrthóirí a bheith rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta mar bhreathnóirí (an Tuirc, an Chróit, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine), mar thoradh ar chinneadh a fháil ón gComhairle Cumainn ábhartha, a chinnfidh nádúr, raon agus modh na rannpháirtíochta in obair an FRA. Lena chois sin, is ceadmhach don Chomhairle cuireadh a thabhairt do thíortha a bhfuil Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha chun críche acu leis an AE chun a bheith rannpháirteach san FRA.
Tógadh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha ar an Lárionad Eorpach um
Fhaireachán ar an gCiníochas agus ar an tSeineafóibe (EUMC), a bunaíodh le
Rialachán (CE) Uimh 1035/97 ón gComhairle an 2 Meitheamh 1997 (Iris Oifigiúil L
151, 10.6.1997
).
Bhí an EUMC i bhfeidhm idir 1997 agus Feabhra 2007 agus sholáthair sé don Chomhphobal agus dá Bhallstáit faisnéis agus sonraí oibiachtúla, iontaofa agus inchomparáide ar chiníochas, ar sheineafóibe agus ar fhríth-Sheimíteachas san AE. An aidhm a bhí leis ná cabhrú leis an AE agus a Bhallstáit beart a dhéanamh nó gníomhaíocht a fhoirmiú in aghaidh an chiníochais agus na seineafóibe. Rinne an EUMC staidéar ar raon agus ar fhorbairt an chiníochais agus na seineafóibe, agus rinne sé anailís ar na cúiseanna, na hiarmhairtí agus na héifeachtaí a bhí acu. Ba leis an Ghréasán Eorpach um fhaisnéis ar chiníochas agus ar sheineafóibe (RAXEN), a bhailigh faisnéis ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, thar aon ní eile, a tiomsaíodh an fhaisnéis sin. D’fhorbair an EUMC straitéisí chun cur i gcoinne an chiníochais agus na seineafóibe, agus lena chois sin, d’aibhsigh agus scaip sé eiseamláirí de dhea-chleachtas maidir le conas dul i ngleic leis na saincheisteanna móra sin.
Bunaithe: 2007
Morten Kjærum
Stiúrthóir