Cosán nascleanúna
Comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Foras, a bunaíodh sa bhliain 1975 chun rannchuidiú leis an bpleanáil le haghaidh agus le bunú dálaí maireachtála agus oibre níos fearr san Eoraip. Soláthraíonn sé torthaí, eolas agus comhairle ó thaighde neamhspleách agus comparáideach do rialtais, d’fhostóirí, do cheardchumainn agus don Choimisiún Eorpach.
Eagraíonn an Foras a chuid oibre thart ar thrí chroí-réimse saineolais, agus dírítear ar na saincheisteanna seo a leanas:
dálaí oibre: lena n-áirítear eagrú na hoibre, saincheisteanna ama san áit oibre, solúbthacht, monatóireacht ar athruithe ar dhálaí oibre;
dálaí maireachtála: saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil shaoránaigh na hEorpa, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an obair agus saol an teaghlaigh, soláthar seirbhísí sóisialta poiblí agus cur chun cinn na lánpháirtíochta san fhostaíocht;
caidreamh tionsclaíoch: athrú tionsclaíochta agus athchóiriú corparáideach, rannpháirtíocht fostaithe i gcinnteoireacht, Eorpú an chaidrimh thionsclaíoch
Le gairid, bhunaigh an Foras Lárionad Faireacháin na hEorpa um Athrú (EMCC)
chun athrú tionsclaíochta agus athrú ar
chuideachtaí a anailísiú agus a réamh-mheas chun tacú le dul chun cinn
socheacnamaíoch.
Is féidir tuarascálacha taighde an Fhorais a íoslódáil saor in aisce díreach ón suíomh gréasáin nó iad a ordú ar líne ag www.eurofound.europa.eu.
Tá Bord Riaracháin tríthaobhach ag an bhForas, comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis phoiblí (rialtais agus an Coimisiún Eorpach), eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn.
Juan Menéndez-Valdés,
Stiúrthóir