Cosán nascleanúna

Gníomhaireachtaí an AE

An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (EFT)

Cabhraíonn an ETF - An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna - le tíortha trasdula agus le tíortha i mbéal forbartha lánúsáid a bhaint as a gcaipiteal daonna trí chórais oideachais, oiliúna agus mhargaidh shaothair a athchóiriú.

Oibrímid leis na tíortha mórthimpeall an AE mar chuid de chláir an AE um chomhar seachtrach: An próiseas Méadaithe (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chróit, an Chosaiv, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc) agus Beartas Comharsanachta na hEorpa (an Ailgéir, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Éigipt, an tSeoirsia, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Mholdóiv, Maracó, an tSiria, an Túinéis, an Úcráin agus an Chríoch Phalaistíneach faoi urghabháil. Tá comhpháirtíocht den chineál chéanna ann le haghaidh na Rúise). Oibrímid ina theannta sin le tíortha san Áise Lárnach, go sonrach an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin.

Cabhraímid lenár dtíortha comhpháirtíochta a gcuid córas oideachais agus oiliúna a nuachóiriú - ag trealmhú a muintire leis an fhaisnéis, na scileanna agus na hinniúlachtaí ginearálta chun a bheith páirteach i ngeilleagair agus i sochaithe dinimiciúla. Breathnaímid ar oideachas agus ar oiliúint mar chodanna de chóras foghlama iomlán amháin.

Oibrímid ar thionscadail i dtíortha comhpháirtíochta chun córais gairmoideachais, oiliúna agus fostaíochta a nuachóiriú. Ar na réimsí a chumhdaímid tá:

  • Foghlaim ar feadh an tsaoil
  • Infhostaitheacht agus iomaíochas
  • Oiliúint múinteoirí
  • Dearbhú cáilíochta
  • Cothroime rochtana do mhná agus do ghrúpaí mionlaigh
  • Creataí cáilíochtaí
  • Foghlaim fhiontraíoch
  • Scileanna a chuirfidh laghdú ar bhochtaineacht
  • An teicneolaíocht san fhoghlaim
  • Rialachas agus trédhearcacht
  • Próifílí de scileanna imirceach

Sa chomhthéacs sin, seo mar a dhéanaimid:

  • Soláthraímid faisnéis, comhairle agus cabhair don Chomhphobal Eorpach chun beartais acmhainní daonna a fhorbairt i dtíortha comhpháirtíochta
  • Tacaímid leis na páirtithe ábhartha leasmhara i dtíortha comhpháirtíochta chun cumas a fhorbairt in acmhainní daonna
  • Cabhraímid chun cúnamh Comhphobail a sheachadadh do pháirtithe leasmhara i dtíortha comhpháirtíochta
  • Spreagaimid líonrú agus comhroinnt faisnéise, taithí agus dea-chleachtais - idir an tAontas Eorpach agus thíortha comhpháirtíochta, agus i measc tíortha comhpháirtíochta araon.

Mar ionad idirnáisiúnta saineolais, oibrímid leis na grúpaí ábhartha leasmhara chun comhar, forbairt eolais agus malartuithe taithí sna réimsí againn féin a chur chun cinn agus a éascú. Áirítear orthu siúd:

  • Lucht ceaptha beartas, cleachtóirí agus bronntóirí san AE, ina Bhallstáit agus i dtíortha comhpháirtíochta.
  • Institiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta ar nós eagraíochtaí bronntacha déthaobhacha i mBallstáit an AE, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus eagraíochtaí córais na Náisiún Aontaithe.

Madlen Serban,
Stiúrthóir

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ