An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) >>
Cais do Sodré
P-1249-206 Lisboa
Portugal
Teileafón: +351 21 1209 200
Facs: +351 21 1209 210
Teagmháil
An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)
Cuireann EMSA cúnamh teicniúil agus tacaíocht theicniúil ar fáil don AE agus do na Ballstáit chun dlíthe an AE a fhorbairt agus a chur chun feidhme sna réimsí seo a leanas: sábháilteacht mhuirí, truailliú ó loingeas agus slándáil mhuirí.
Tá freagrachtaí ar EMSA as doirteadh ola a chosc agus déileáil leis, as faireachán a dhéanamh ar árthaí agus as rianú agus aitheantas fadraoin árthaí (LRIT).
Gníomhaíochtaí EMSA
Cigireachtaí teicniúla:
- cabhrú chun na Cumainn Aicmiúcháin a liostaíonn an AE mar 'Eagraíochtaí Aitheanta' a luacháil
- cabhrú le córais oiliúna agus deimhniúcháin muirí i dtíortha lasmuigh den AE a luacháil
- seiceáil go ndéantar iniúchadh leormhaith ar longa a thugann cuairt ar chalafoirt an AE
- iniúchadh a dhéanamh ar chórais náisiúnta faireacháin tráchta árthaí, agus ar shaoráidí glactha dramhaíola agus pleananna láimhseála dramhaíola i gcalafoirt an AE
- cúnamh a thabhairt chun cigireacht leanúnach ar thimpistí muirí a chinntiú ar fud an AE
- oiliúint agus malartú dea-chleachtais ar shaincheisteanna sábháilteachta agus slándála muirí agus saincheisteanna comhshaoil.
Seirbhísí faisnéise muirí:
- faireachán ar thrácht árthaí in uiscí an AE (SafeSeaNet)
- Ionad Sonraí LRIT an AE
do gach árthach faoi bhratach AE ar fud an domhain
- Malartán Sonraí Náisiúnta LRIT
do gach ionad sonraí LRIT ar fud an domhain
- faireachán satailíte ar dhoirteadh ola (CleanSeaNet)
- córas faisnéise THETIS
a thacaíonn leis an gcóras cigireachta 'Rialú Stáit ar Chalafoirt'
Freagairt ar thruailliú muirí:
- Laistigh de chúpla uair an chloig ó mhórdhoirteadh ola, tig le EMSA longa a sheoladh le seirbhísí glanta doirtí ola a chur ar fáil d'aon tír san AE.
Bliain a bunaithe: 2002
Stiúrthóir: Markku Mylly