Gníomhaireachtaí Díláraithe
An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) >> 
Švitrigailos g. 11M
LT-03228 Vilnius
Lietuva
Teileafón: +370 5 239 4140
Teagmháil
An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE)
Gníomhaireacht Eorpach is ea an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a thacaíonn le hobair rialtais agus institiúidí an AE (go háirithe an Coimisiún) sa réimse seo.
Cúraimí
- sonraí inchomparáide a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu maidir le saincheisteanna inscne
- uirlisí modheolaíochta a fhorbairt, go háirithe chun comhionannas inscne a lánpháirtiú i ngach réimse beartais
- comhroinnt an dea-chleachtais agus idirphlé i measc páirtithe leasmhara a éascú
- feasacht an phobail a mhúscailt.
Comhlachtaí atá ina gcuid den Institiúid
-
Bord Bainistíochta (ról cinnteoireachta)
Glacann sé le cláir oibre bhliantúla agus meántéarmacha agus leis an mbuiséad.
-
Fóram Saineolaithe (ról comhairleach)
Tacaíonn sé le hobair an Stiúrthóra.
-
Stiúrthóir agus foireann (ról feidhmiúcháin).
Ionadaí dlí na hInstitiúide, freagrach as bainistiú laethúil agus as an gclár oibre a chur chun feidhme.
Buiséad
€52.5m (2007-13).
Stiúrthóir
Virginija Langbakk, Uasal
Cúlra beartais
Ní amháin gur ceart bunúsach é comhionannas inscne - is den riachtanas é dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo má tá an AE chun a spriocanna maidir le fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a chomhlíonadh.
Cé go bhfuil éagothromachtaí ann fós, tá dul chun cinn nach beag déanta ag an AE le fiche nó tríocha bliain anuas. An reachtaíocht agus cuimsiú an chomhionannais inscne i ngach réimse den bheartas poiblí, mar aon le bearta ar leith chun mná a chur ar aghaidh, is cúis leis sin don chuid is mó