Cosán nascleanúna
Is idirghabhálaí í EFCA maidir le comhar oibríochtúil idir thíortha an AE, agus cuidíonn sí leo agus leis an gCoimisiún. Eagraíonn agus comhordaíonn sí comhar idir gníomhaíochtaí náisiúnta rialaithe agus cigireachta agus cuireann sí oiliúint ar chigirí agus ar oiliúnóirí lena chinntiú go n-urramófar rialacha an CBI agus go gcuirfear i bhfeidhm iad ar shlí éifeachtach chomhleanúnach.
Cuidíonn an Ghníomhaireacht lena chinntiú go bhfuil cothrom iomaíochta ann do thionscal na hiascaireachta le go gcomhlíontar oibleagáidí agus go bhfaighidh gach duine san earnáil an chóir chéanna, pé áit a n-oibríonn siad. Tacaíonn sí freisin le hiascach inbhuanaithe tríd an tslí ina gcomhlíontar na bearta caomhnaithe agus bainistíochta a fheabhsú ar mhaithe leis an nglúin seo agus na glúnta amach romhainn.