Cosán nascleanúna

Gníomhaireachtaí an AE

An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)

Bunaíodh an tIonad le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 851/2004 an 21 Aibreán 2004. Tháinig sé i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2005.

Is é a mhisean cabhrú chun cosaint na hEorpa a neartú in aghaidh galar tógálach, ar nós an fhliú, SARS agus VID/SEIF. Croífhoireann bheag atá aige mar aon le gréasán fairsing de chomhpháirtithe ar fud an AE agus i mBallstáit an LEE/CSTE. Oibríonn an ECDC i gcomhar le comhlachtaí náisiúnta um chosaint sláinte chun córais um fhaireachán galar agus luathrabhaidh ar fud na mór-roinne a neartú agus a fhorbairt. Trí chomhoibriú den chineál sin, comhthiomsaíonn an ECDC eolas sláinte na hEorpa, d’fhonn tuairimí údarásacha eolaíocha a cheapadh maidir le rioscaí a ghabhann le galair thógálacha nua agus le galair atá ag teacht chun cinn.

Ar chúraimí an ionaid tá:

  1. Cumas an Chomhphobail agus na mBallstát aonair a fheabhsú chun sláinte an duine a chosaint trí ghalair a chosc agus a rialú;

  2. gníomhú ar a chonlán féin nuair a chuireann ráigeanna de ghalair ghabhálacha, nach fios a dtionscnamh, an Comhphobal i mbaol;

  3. Beart comhlántach agus comhtháite a áirithiú i réimse na sláinte poiblí trí chúraimí agus freagrachtaí na mBallstát, institiúidí an AE agus na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a thabhairt le chéile.

Marc SPRENGER,
Stiúrthóir

Seoladh Poist:
ECDC
171 83 Stockholm
Sweden

Seoladh cuairte:
Tomtebodavägen 11A
Solna, Sweden

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ