Cosán nascleanúna
Is beag cáilíocht oideachais, má tá aon cheann, atá bainte amach ag oibrí Eorpach as gach triúr - 75 milliún duine. Dá dheasca sin is dóichí faoi thrí go mbeidh siad difhostaithe (i gcomparáid le daoine a bhfuil ardcháilíochtaí acu.
Baineann thart ar leath na nEorpach a gcéad scileanna um post trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint (GG) Forbraíonn an-chuid acu na scileanna sin agus foghlaimíonn siad cinn nua trí oiliúint nó taithí san áit oibre.
Oibríonn Cedefop go dlúth leis an gCoimisiún, le rialtais náisiúnta, ionadaithe fostóirí agus ceardchumann, is taighdeoirí agus le cleachtóirí - ag cur an eolais agus na bhforbairtí is déanaí um GG ar fáil agus ag cruthú deiseanna chun beartais a phlé.
Is é breisluach Cedefop ná caighdeán ard a n-anailísí comparáidigh agus saineolais, bailithe trí thaighde agus líonrú, a úsáidtear le:
Misean – tacú le beartais Eorpacha um GG a fhorbairt agus a chur chun feidhme
Cuspóir straitéiseach – comhoibriú Eorpach a neartú, cabhrú le beartais um GG a cheapadh agus a chur chun feidhme le sármhaitheas agus cuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn
Tosaíochtaí meántéarmacha 2012-14 – tacú le nuachóiriú chórais um GG; oideachas leantach, daoine fásta & foghlaim obair-bhunaithe a chur chun cinn; riachtanais scile a anailísiú