Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha Cumarsáide Leictreonaí (BEREC) >>
BEREC Office
Z.A. Meierovica Bulvaris 14
LV-1050 Riga
Latvija
Teileafón: +371 6611 7590
Teagmháil
Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha Cumarsáide Leictreonaí (BEREC)
Cruthaíodh BEREC chun:
- cur chun feidhme comhsheasmhach na rialachán AE a chur chun cinn ionas go bhfeabhsófaí an margadh aonair
- teacht in ionad Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha (ERG), a mbíodh na húdaráis náisiúnta rialála (NRAanna) ag malartú saineolais is dea-chleachtais tríd agus ag tabhairt tuairimí faoi fheidhmiú mhargadh teileachumarsáide an AE.
- cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach is le NRAanna chun rialacháin an AE faoi theileachumarsáid leictreonach a chur chun feidhme
- Parlaimint na hEorpa is Comhairle an AE a chomhairliú
- cúraimí rialála na NRAanna a chomhlánú ag leibhéal na hEorpa
Ar BEREC tá Bord Rialtóirí ar a bhfuil ceannairí na 27 NRA agus oifig thacaíochta. Comhlacht oifigiúil de chuid an AE is ea an oifig, atá á bainistiú ag coiste ar a bhfuil ionadaíocht ag gach NRA is ag an gCoimisiún.
I measc cúraimí oifig BEREC tá:
- seirbhísí tacaíochta riaracháin is gairmiúla a thabhairt do BEREC
- eolas a bhailiú is a dháileadh idir na NRAanna
- dea-chleachtais rialála a dháileadh ar na NRAanna (comh-chur chuige, modhanna, treoirlínte chun rialacháin AE a chur chun feidhme, srl.)
- cabhrú leis an gcathaoirleach obair an Bhoird Rialtóirí a ullmhú
- meithleacha saineolaithe a bhunú agus tacú leo.
Rialachán 1211/2009 um Chomhlacht na Rialtóirí Eorpacha Cumarsáide Leictreonaí a bhunú 
Bainisteoir riaracháin: Ando Rehemaa