An Ghníomhaireacht um Chomhoibriú na Rialtóirí Fuinnimh (ACER) >>
Trg republike 3
1000 Ljubljana
Slovenija
Teileafón: +386 8 205 34 00
Facs: +386 8 205 34 13
Teagmháil
An Ghníomhaireacht um Chomhoibriú na Rialtóirí Fuinnimh (ACER)
Cabhraíonn ACER lena chinntiú go bhfeidhmeoidh an margadh aonair Eorpach i ngás is i leictreachas i gceart. Cabhraíonn sé le húdaráis náisiúnta rialála chun a bhfeidhm rialála ag leibhéal na hEorpa a chomhlíonadh, agus, nuair is gá, comhordaíonn sé a gcuid oibre.
So sonrach, déanann ACER:
- obair na n-údarás náisiúnta rialála a chomhlánú is a chomhordú
- cabhrú chun rialacha líonra Eorpacha a dhréachtadh
- nuair is cuí sin, cinntí ceangailteacha indibhidiúla a ghlacadh ar théarmaí is ar choinníollacha do rochtain is do shlándáil oibríoch an bhonneagair thrasteorann
- institiúidí Eorpacha a chomhairliú ar cheisteanna a bhaineann le leictreachas is le gás nádúrtha
- faireachán ar na margaí inmheánacha i leictreachas is i ngás nádúrtha agus tuairisciú ar na torthaí
- faireachán ar mhargaidh mhórdhíola fuinnimh chun mí-úsáid margaidh a bhrath is a dhíspreagach, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta rialála (ghlac sé an fheidhm sin ar láimh in 2012 faoi Rialachán AE 1227/2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mhórdhíola fuinnimh (REMIT).