Cosán nascleanúna
CEPOL House
Bramshill, Hook
Hampshire, RG27 0JW
United Kingdom
Tugann An Coláiste Eorpach Póilíneachta - CEPOL, póilíní sinsearacha ar fud na hEorpa le chéile, agus é mar aidhm acu comhar trasteorann sa chomhrac i gcoinne na coireachta, agus cothabháil na slandála poiblí agus an oird phoiblí, a spreagadh.
Bunaíodh mar ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) in 2005 í (Cinneadh 2005/681/JHA ón gComhairle an 20 Meán Fómhar 2005
) agus tá Rúnaíocht CEPOL lonaithe i mBramshill sa Ríocht Aontaithe, timpeall 70km ó lár chathair Londan. Eagraíonn CEPOL idir 60-100 cúrsa, seimineár agus comhdháil in aghaidh na bliana. Cuirtear na gníomhachtaí i bhfeidhm sna Coláistí Náisiúnta um Oiliúiúnt Póilíní sna Ballstáit agus folaíonn na gníomhaíochtaí réimse leathan topaicí . Tá buiséid bliantúil de 8,341 milliún euro ag CEPOL (2011).
Bainistíonn an Stiúrthóir Dr Ferenc Bánfi Rúnaíocht an CEPOL, a ceapadh ar feadh tréimhse ceithre bliana, chríochnóidh Feabhra 2014. Tá an Stiúrthóir cuntasach chuig Bord Stiúrtha CEPOL, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó Bhallstáit an AE agus is Stiúrthóirí ar na hinstidiúdaí oiliúna náistiúnta de gnáth iad. Is ionadaí é Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe den Bhallstát a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige. Tagann an Bord Rialaithe le chéile ceithre huaire sa bhliain agus tá ceithre choiste bunaithe acu.
Faigheann na coistí tacaíocht ó Ghrúpaí Oibre, ó Ghrúpaí Tionscadail, agus ó Fho-ghrúpaí.
Tá thart ar 30 ball foirne i Rúnaíocht CEPOL, a bhíonn ag obair ar thascanna laethúla taobh istigh de dhá aonad: Aonad don Fhoghlaim, d’Eolaíocht, do Thaighde agus Forbairt, agus Aonad do Sheirbhísí Corparáideacha.
Is acrainm Fraincíse é CEPOL agus ciallaíonn sé Collège européen de police – Coláiste Eorpach na bPóilíní as Gaeilge.
Stiúrthóir: Dr. Ferenc Bánfi.