Cosán nascleanúna
Leagtar amach thíos in ord aibítre faisnéis, nach faisnéis uileghabhálach í, ar chistiú, ar chonarthaí poiblí agus ar thairbhithe de chuid conarthaí poiblí. Seo í an chéad chéim chun cur leis an trédhearcacht lena láimhseálann an tAontas Eorpach na cistí a thugann saoránaigh na hEorpa ar iontaoibh dó. Cheana féin tá Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún Eorpach ag obair i gcomhar leis na hArd-Stiúrthóireachtaí agus na Seirbhísí eile chun caighdeán na faisnéise a sholáthraíonn siad a fheabhsú ionas gur féidir í a chur i láthair ar bhealach a bheidh níos comhsheasmhaí, níos inchomparáide agus níos cairdiúla.