Gníomhaireachtaí an AE

Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh (TEN-T EA)

Bunaíodh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh (TEN-T EA) English chun cur chun feidhme agus bainistiú teicniúil agus airgeadais chlár an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh (TEN-T) a áirithiú.

Cruthaíodh an Ghníomhaireacht sin sa bhliain 2006 agus tá sainordú aici go dtí an 31 Nollaig 2015. Bainistíonn sí príomhthionscadail bonneagar iompair ó 2000-2006 agus ó 2007-2013 maidir le hairgeadas de, i ndlúthchomhar lena "tuismitheoir", Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair English de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Tá DG MOVE freagrach i gcónaí as beartas foriomlán, as cláir agus as an gclár TEN-T a mheasúnú.

Tá foireann ilnáisiúnta ag an nGníomhaireacht, comhdhéanta de shaineolaithe a bhfuil taithí acu ar airgeadas, ar bhainistíocht tionscadal, ar innealtóireacht agus ar ghnóthaí dlí, agus is sa Bhruiséil atá sí lonnaithe.

Dirk Beckers
Stiúrthóir

Seoladh cuairte:
Chaussée de Wavre 910
B-1049 An Bhruiséil
An Bheilg

Ceisteanna Acmhainní DaonnaEnglish

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ