Cosán nascleanúna
Covent Garden
Place Charles Rogier/Charles Rogierplein 16
B-1210 Bruxelles/Brussel
Belgique/België
Cuid de Sheachtú Creatchlár Taighde an AE (FP7) is ea Gníomhaireacht Feidhmiúcháin Chomhairle Taighde na hEorpa (ERC). Ba é an Coimisiún Eorpach a bhunaigh í i mí Feabhra 2007 chun tacú le taighde ar thús cadhnaíochta arna thionscnamh ag imscrúdaitheoirí, bunaithe ar an gClár Sonrach “Idéanna” lena gcuirtear i ngníomh an 7ú Creatchlár, le buiséad iomlán de 7.5 bhilliún euro (2007-2013).
Is í a príomhaidhm feabhas eolaíoch a spreagadh san Eoraip trí na heolaithe, na scoláirí agus na hinnealtóirí is fearr agus is cruthaithí a thacú agus a spreagadh, a thugtar cuireadh dóibh tograí aonair maidir le haon réimse taighde a chur ar aghaidh.
Comhairle Eolaíoch agus Gníomhaireacht Feidhmiúcháin a ghníomhaíonn ar son an Choimisiúin Eorpaigh atá san ERC. Sainíonn Comhairle Eolaíochta an ERC an straitéis agus na modheolaíochtaí eolaíocha, agus cuireann Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an ERC iad sin chun feidhme mar chuid de bhainistíocht agus d’ oibríochtaí mhaoinithe an ERC i gcomhthéacs dlí an tSeachtú Creatchláir.
Bunaíodh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an ERC go foirmiúil i mí na Nollag 2007 agus bhain sí féinriail riaracháin iomlán amach an 15 Iúil 2009.
Eagraíocht uathrialach ionraic thrédhearcach is ea an ERC atá faoi ráthaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhfreagraíonn sí. Glacann an Coimisiún Eorpach freagracht dheiridh as fhorghníomhú an tSeachtú Creatchláir agus a bhuiséid.
Bainistíonn Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an ERC na cúraimí seo a leanas:
Stiúrthóir idirlinne: Pablo Amor
Seoladh poist:
Gníomhaireacht Feidhmiúcháin Chomhairle Taighde na hEorpa
COV2 24/164
BE-1049 An Bhruiséil
R-phost: erc-info@ec.europa.eu
(Gnóthaí preasa: rtd-erc-press@ec.europa.eu)
Gréasán: http://erc.europa.eu