Cosán nascleanúna
DROSBACH building
12, rue Guillaume Kroll
L-1822 Luxembourg
Luxembourg
Cruthaíodh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Thomhaltóirí (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte Poiblí mar a bhí) an 1 Eanáir 2005 chun tacú le cur chun feidhme Chlár Sláinte Poiblí an AE.
Sa bhliain 2008, cuireadh síneadh le saolré na Gníomhaireachta go dtí an 31 Nollaig 2015, agus cuireadh bearta maidir le cosaint tomhaltóirí agus oiliúint maidir le sábháilteacht bhia le líon na gcúraimí. Áirítear ar shainordú nua an EAHC cur chun feidhme Chlár Sláinte an AE
, Clár do Thomhaltóirí
agus Better Training for Safer Food initiative (Tionscnamh um Oiliúint Níos Fearr do Bhia Níos Sábháilte)
.
Cuireann an Ghníomhaireacht na cúraimí a chuireann an Coimisiún Eorpach uirthi i gcrích go gairmiúil, agus oibríonn sí go dlúth le hArd-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí
. Bainistíonn an EAHC caidreamh le thart ar 2200 tairbhí atá bainteach le breis is 200 tionscadal i réimse na sláinte; tá foireann de thart ar 40 aici, lonnaithe i Lucsamburg.
Bunaithe: 2005
Stiúrthóir: Luc Briol
Seoladh Poist:
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Thomhaltóirí
DROSBACH building
L-2920 Lucsamburg