Gníomhaireachtaí an AE

An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Iomaíochas agus Nuálaíocht (EACI)

Fuinneamh, iompar, comhshaol, iomaíochas, nuálaíocht – tá dúshláin agus deiseanna neamhghnácha i gceist leo seo ar fad don Eoraip sa lá inniu.

Chun scéimeanna agus tionscnaimh mhaoinithe Eorpacha ar ardchaighdeán a sholáthar sna réimsí sin, bhunaigh an Coimisiún Eorpach An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Iomaíochas agus Nuálaíocht  (EACI) English chun na cláir seo a leanas a bhainistiú ar a son:

 

  • Fuinneamh Cliste – An Eoraip English
    Chumhacht na Nuála
  • Marco Polo English
    Slite Nua i dtreo na Todhchaí Glaise
  • Líonra Fiontraíochta na hEorpa English
    Tacaíocht Gnó ar Leac an Dorais agat
  • Éicea-nuáil English
    Gnó is Comhshaol ag Teacht le Chéile
  • Tionscadal IPeuropAware English
    Smaointe á gCur Chun Oibre

 

Foireann idirnáisiúnta saineolaithe muid ar na nithe seo a leanas: fuinneamh, an comhshaol, tacaíocht ghnó, iompar ilmhódach, cumarsáid agus airgeadas.

Ar an fhoireann seo againne tá oifigigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus gairmithe ón earnáil phríobháideach. Tá siad ar fad tiomanta don bhealach Eorpach ina nasctar iomaíochas agus nuálaíocht le caomhnú an chomhshaoil agus todhchaí d’fhuinneamh níos glaine.

Cuireann an EACI tuarascálacha faoi bhráid na gceithre Ard-Stiúrthóireacht a leanas de chuid an Choimisiúin Eorpaigh: Fuinneamh (ENER) English, Soghluaisteacht agus Iompar (MOVE) English, Fiontar agus Tionscal (ENTR) and Comhshaol (ENV) English.

 

Stiúrthóir: Patrick Lambert

Seoladh poist:
An Coimisiún Eorpach
Gníomhaireacht EACI
B-1049 An Bhruiséil

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ