Cosán nascleanúna


Rue Colonel Bourg/Kolonel Bourgstraat 135-139
B-1140 Bruxelles/Brussel
Belgique/België
Tá an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA), atá lonnaithe sa Bhruiséil, i mbun oibre ón 1 Eanáir 2006.
Is é a misean roinnt sraitheanna de bhreis is 15 cheann de chláir agus de gníomhartha a mhaoiníonn an Comhphobal a chur chun feidhme sna réimsí seo a leanas: oideachas agus oiliúint, saoránacht ghníomhach, an óige, seirbhísí closamhairc agus cultúr.
Beifear in ann bainistiú a chomhordú agus soláthróidh sé seirbhís lánchuimsitheach do thairbhithe, na cláir seo a thabhairt faoi aon bhratach amháin.
Tá a fhéiniúlacht dhlítheanach féin ag an ngníomhaireacht ach tuairiscíonn
sí do thrí Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh: Oideachas agus
Cultúr (EAC)
, Cumarsáid (COMM)
agus Oifig Comhar
EuropeAid
, atá freagrach i
gcónaí as beartais a chláreagrú, a mheas agus a eisiúint.
Tá cúram ar an ngníomhaireacht maidir le formhór ghnéithe bainistíochta na gclár, lena n-áirítear gairmeacha tograí a dhréachtú, tionscadail a roghnú agus comhaontuithe tionscadail a shíniú, bainistíocht airgeadais, monatóireacht ar thionscadail (tuarascálacha idirlinne, tuarascálacha deiridh); cumarsáid le tairbhithe; agus rialuithe ar an láthair.
Sraitheanna láraithe is ea na sraitheanna cláir ar fad a bhainistíonn an Ghníomhaireacht agus tacaíonn siad le tionscadail theicniúla, a chiallaíonn nach mbíonn cinntí polaitiúla le déanamh acu.
Gilbert Gascard
Stiúrthóir
Seoladh poist:
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir
BOUR
Avenue du Bourget, 1
B-1140 An Bhruiséil