Institiúid Eorpach um Nuáil agus Teicneolaíocht (EIT) >>
Infopark 1/E
Neumann Janos utca
1117 Budapest
Magyarország/Hungary
Teileafón: +36 14 819 300
Teagmháil
Institiúid Eorpach um Nuáil agus Teicneolaíocht (EIT)
Gníomhaíochtaí an INT
-
Pobail Eolais is Nuála (PENanna):
- sin struchtúir chomhtháthaithe ina n-idirnasctar earnálacha an ardoideachais, an taighde agus an ghnó
- díriú ar ábhair thosaíocha lena ngabhann mór-impleachaí don tsochaí
- daoine a bhfuil saineolais éagsúla acu a thabhairt le chéile mar mheithle ag 17 ionad ("lárionaid chomhshuí") ar fud na hEorpa
- sain-tionscadail, cláir oideachais, scéimeanna maoinithe, srl. a chur chun feidhme
Seo na PENanna faoi láthair (2011): Athrú aeráide agus maolú air (PEN-Aeráide), Fuinneamh inbhuanaithe (Pen InnoEnergy) agus Teicneolaíocht na faisnéise & na cumarsáide (Saotharlanna TFC an INT).
-
Fiontraíocht
Tá faoi INT na coinníollacha cearta do chultúr rathúil fiontraíochta a chruthú trí:
- cumscú cultúrtha sa tslí a fhéachtar ar fhiontraíocht is ar dhul sa phriacal a chothú
- tacú le fiontraíocht trí ghníomhaíochtaí amhail Bord Cruinn na bhFiontraithe ag INT agus Duais INT.
Oideachas
Tá cláir Mháistreachta agus PhD á bhorfairt ag an INT fara na trí PEN agus a gcomhpháirtithe. Tá fúthu branda barrfheabhais INT ar fud institiúidí ardoideachais na hEorpa a chruthú, rud a thaispeánfaidh gur cúrsaí fiontraíocha a thugann torthaí ard-mhianaigh nuálacha iad cúrsaí INT.